Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Sos 5 lá ar ionsaithe SAM ar stáisiúin leictreachais na hIaráine

23 MÁRTA 2026, 12:11

Stad 5 lá curtha ag Donlad Trump ar ionsaithe ar ghréasán leictreachais na hIaráine
X Facebook

Tá an tUachtarán Trump tar éis fógairt go bhfuil "comhráití maithe agus fiúntacha" tar éis a bheith ag na Stáit Aontaithe leis an Iaráin faoi dheireadh a chur leis an gcogaíocht agus dá bharr sin go bhfuil sé tar éis sos 5 lá a ordú ar na hionsaithe a bhí ar bun ar stáisiúin ginte leictreachais agus ar bhonneagar fuinnimh na tíre sin.

Bhí sé ráite roimhe sin ag Garda na Réabhlóide san Iaráin go raibh siad chun stáisiún cumhachta Iosrael agus stáisiúin cumhachta a chuireann leictreachas ar fáil do bhunáiteanna airm na Srát Aontaithe ar fud na Murascaille a ionsaí dá leanfadh na hionsaithe a bhí bagartha ag Trump le "gréasán cumhachta na hIaráine a dhíothú".

Shéan Rialtas na hIaráine tuairiscí a bhí scaipthe ag Meiriceá go raibh siad chun ionaid díshalannú - atá riachtanach le fíoruisce a sholáthar i dtíortha na Murascaille - a ionsaí, ag rá gur "bréaga a bhí á n-insint ag Trump".

Dé Sathairn a bhagair an tUachtarán go scriosfaí stáisiúin cumhachta na hIaráine muna "n-osclófaí go hiomlán" Caolas Hormuz as sin go ceann 48 uair a chloig.

Tuairim is meánoíche anocht an sprioc a bhí socraithe aige.

Tá freagra na hIaráine ó d'ionsaigh Meiriceá agus Iosrael iad deireadh na míosa seo caite tar éis Hormuz a dhúnadh, caolas farraige ina seolann longa lastais ag iompar an cúigiú cuid d'ola agus gás na cruinne.

Ó d'fhógair Trump an cúrsa nua tá na margaí idirnáisiúnta tar éis gníomhú go suntasach agus bairille ola tite 13% go dtí $96.

Ach níl aon deimhniú fós ón Iaráin ar na "comhráití maithe agus fiúntacha" nó céard faoi a bhí siad - armlón diúracán na hIaráine, nó saibhriú úráiniam, nó sos comhraic.

Tá áisíneacht nuachta Fars, a bhfuil gaol gar acu le Garda na Réabhlóide, ag rá go bhfuil foinse gan ainm ag rá "nach bhfuil aon teagmháil, go díreach ná go h-indíreach, le Trump".

Deir an foinse go bhfuil "Trump tar éis cúlú" tar éis don Iaráin bagairt a dhéanamh ar stáisiúin cumhachta ar fud na Murascaille.

Civilians walk near the remains of a residential and commercial building in the Shahrak-e Gharb neighbourhood of Tehran, Iran
Daoine sa smionagar tar éis ionsaithe aeir de chuid Mheiriceá agus Iosrael inné ar chomharsanacht Shahrak-e Gharb i Tehran

Ní léir ach oiread cén tionchar a bheidh ag an athrú mór ar chogaíocht Mheiriceá, ar an loingeas atá sáinnithe ar Chaolas Hormuz.

I Florida go fóill atá an tUachtarán ach tá sé le aitheasc a thabhairt i Memphis i Tennessee amach sa lá.

Tá aidhmeanna Washington athraithe arís is arís eile ó thosaigh an cogadh in aghaidh na hIaráine.

Dúirt Trump ar dtús gurbh é a bpolasaí núicléach ba chúis leis, ansin bhí caint ar chumas roicéad agus diúracán na tíre a chur ó mhaith, ansin luaigh an tUachtarán "athrú réimis" agus d'ímpigh sé ar "Mhuintir na hIaráine a dtír a thógáil ar ais".

Tá 2,000 duine curtha den tsaol agus geilleagar na cruinne ina chíor thuathail ach tá an Rialtas i Tehran fós i gcumhacht cé go bhfuil riar mór dá gcuid ceannairí sinseracha maraithe ag Meiriceá agus Iosrael - ollcheannaire na tíre Ali Khamenei ina measc - agus mac leis, Mojtaba, anois ag an stiúir.