Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Lánúin theach leagtha i gCo na Mí "sásta comhoibriú le Gardaí"

23 MÁRTA 2026, 17:39

Úinéirí an tí, Rose agus Chris Michael Murray, a gabhadh sa gCúirt ar maidin
X Facebook

Tá an lánúin atá i lár choimhlint cúirte le 20 bliain anuas faoina dteach cónaithe, a tógadh gan cead pleanála i gCo na Mí, tar éis gealltanas a thabhairt don ArdChúirt go gcomh-oibreoidh siad go hiomlán leis an gComhairle Chontae agus leis na Gardaí faoi oibreacha atá fós ar bun ar an suíomh ar a raibh an teach.

Dúirt dlíodóir thar ceann Rose agus Chris Michael Murray leis an gcúirt nach raibh baint ná páirt acu le líomhaintí gur déanadh bagairtí ar an lucht oibre, fo-chonraitheoirí, a leag an teach go talamh deireadh na seachtaine seo caite.

Gabhadh an bheirt acu sa gcúirt ar maidin, tar éis dóibh a bheith ciontaithe i ndíspeagadh cúirte faoi nár fhág siad an teach faoi mhí Mheán an Fhómhair 2022 mar a bhí ordaithe ag an gcúirt.

Ach cuireadh an chúis faoi díspeagadh ar neamhní tráthnóna tar éis don lánúin an gealltanas faoi chomh-oibriú a thabhairt.

hInsíodh don ArdChúirt inniu go bhfuil an teach anois leagtha, ach go bhfuil obair fós le déanamh leis an talamh a thabhairt ar ais mar a bhí sular tógadh é.

View of the house in Bohermeen, Co Meath that was built in 2006 without planning permission
An teach sular leagadh é

Thug an Sáirsint Mark Looby fianaise go raibh sé tugtha le fios do na Gardaí go raibh glaoch gutháin faighte ag iompróir leoraí a bhí ina fho-chonraotheoir ag an suíomh an 20ú Márta.

Dúirt an bleachtaire Looby go dhúirt "fear a raibh canúint de chuid Thuaisceart Éireann aige" le fear an leoraí gan aon bhaint a bheith aige le smionagar a thabhairt chun bealaigh as láthair an tí leagtha.

The demolished home, which was built without planning permission in Co Meath
Láthair an tí leagtha

Dúirt an bleachtaire go dhúradh leis an bhfo-chonraitheoir go gcuirfí a ghnó féin tré thine dá bhfillfeadh sé ar an suíomh.

Dúirt an Sáirsint chomh maith go raibh sé ar an eolas gur dódh veain slándála ar an suíomh.

Ach thug an Bleachtaire Looby le fios "nach raibh gearán oifigiúil coiriúil faighte ag na Gardaí faoi cheachtar de na heachtraí".

Dúradh leis an gcúirt go raibh an príomh-chonraitheoir tar éis insint do Chomhairle Chontae na Mí go raibh an chuideachta iompróra tar éis a gcuid seirbhísí a tharraingt siar.

D'inis Brian Murphy ón gComhairle don chúirt go raibh cuideachta eile aimsithe le tabhairt faoin obair ach go raibh deacrachtaí acu a ghabháil ar an suíomh.

Dúirt Neil McNelis, dlíodóir na lánúine, nach raibh sé chun tairbhe in aon chor a chuid cliantaí go mbeadh éinne i mbun coiriúlachta.

Dúirt sé gur cháin siad gníomhartha dá shaghas agus go raibh "iarracht thromchúiseach ar siúl milleán dhream éigin eile" a chur ar Rose agus Chris Michael Murray.

Dúirt an dlíodóir freisin nach raibh aon ordú sáraithe ag an mbeirt agus nach raibh díspeagadh cúirte déanta acu.

Dúirt sé go raibh an lánúin "chomh scanraithe" an tseachtain seo caite agus "chomh thrína chéile" gur fhág siad an tír agus nach raibh aon bhaint acu le aon choiriúlacht a deirtear a tharla.

Chris and Rose Murray at the High Court

Dúirt Deirdre Hughes, abhcóide ar son na Comhairle Contae, gur léir go raibh an bheirt tar éis díspeagadh cúirte a dhéanamh nuair nár fhág siad an teach trí bliana go leith ó shin mar a bhí aontaithe, ach dúirt an t-abhcóide nach raibh aon spéis ag an gComhairle an bheirt a chuir chun príosúin tharla go raibh an suíomh anois i seilbh na Comhairle agus an teach leagtha.

Dúirt sí nach raibh ón gComhairle ach deireadh a chuir leis na himeachtaí cúirte.

"Meall smionagair"

D'inis Chris Michael Murray don chúirt go raibh sé ina chónaí sa teach go dtí coicís ó shin ach nach raibh ann anois ach "meall smionagair".

D'aontaigh sé gur leis fós an talamh.

Dúirt sé gur chuir sé fios ar chuideachta drámhaíola le scipeanna a thabhairt chuig an suíomh ach nach raibh aon eolas aige faoin gcuideachta slándála ná faoi aon bhagairtí a bhí déanta.

Dúirt sé gur tháinig beirt isteach sa teach "ag caitheamh balaclávaí" agus "ag feidhmiú thar ceann Chomhairle Chontae na Mí" agus gur "tharraing siad beirt a bhí ag bord na cistine amach as an teach".

Bhí iníon leis an lánúin sa gcúirt agus bhí sí suaite le linn fianaise a h-athar.

Thug Chris Michael Murray 5 cinn de ghealltanais nach dtiocfadh sé salach ar aon ghníomhaire de chuid na Comhairle a bheadh i mbun oibre ar an suíomh leis an áit a thabhairt ar ais ina gharraí, garraí mar a bhí sular tógadh an teach.

D'aontaigh sé freisin comh-oibriú leis na Gardaí agus aon eolas a bheadh aige a thabhairt dóibh faoi éinne a bheadh ag iarraidh a theacht salach ar an obair.

Thug a bhean chéile Rose Murray na gealltanais chéanna.

Dúirt abhcóide na Comhairle go mbeadh siad ag lorg costaisí ar an gcúirt agus beidh éisteach arís faoi na cúrsaí sin.

Dúirt dlíodóir na lánúine go raibh siad chun a gcás a thabhairt chuig Cúirt Chearta Daoine na hEorpa agus dúirt sé gur chreid siad go raibh Comhairle Chontae na Mí ag iarraidh seasamh sa mbealach ar an iarratas sin.

Duirt an Breitheamh Richard Humphreys gur thacaigh sé go hiomlán lena gceart a ghabháil chun na hEorpa ach dúirt sé nach raibh faic as bealach déanta ag an gComhairle agus gur sheas an Chúirt le gach a raibh déanta ag an gComhairle.

D'ordaigh an Chúirt Uachtarach a dúirt an Breitheamh go gcuirfí an riocht chéanna ar an talamh is a bhí sular tógadh an teach gan cead, agus bhí an ArdChúirt ag comhlíonadh an orduithe sin a dúirt sé.

Beidh an cás os comhair cúirte arís faoi cheann míosa.