Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Damáistí ceadaithe do bhean a chuir an dlí ar Google agus Meta

25 MÁRTA 2026, 18:48

Dearadh thar ábhar údar an oilc, a maíodh
X Facebook

Rialaigh giuiré i gcúirt in Los Angeles go gcaithfeadh Google agus Meta $3 mhilliún i ndamáistí a íoc le bean 20 bliain d'aois as andúil a bheith aici i meáin shóisialta an dá chomhlacht.

Thug an bhean an cás ar an mbonn go raibh andúil aici sna meáin shóisialta ó bhí sí óg mar gheall ar an gcaoi a raibh siad deartha, seachas mar gheall ar an ábhar a bhí á chraobhscaoileadh orthu.

Dar leis an mbean gur dearadh na haipeanna éagsúla ar bhealach áirithe le daoine óga a mhealladh agus lena gcur faoi dhraíocht, mar a bheadh solas sí ann.

Meastar go mbaineann leath de dhéagóirí na Stát Aontaithe feidhm as YouTube nó Instagram go laethúil.

Chuir an bhean an dlí ar Snap agus TikTok freisin ach rinne an dá chomhlacht sin socrú léi sular cuireadh tús leis an triail.

Tá cásanna mar seo in aghaidh na gcomhlachtaí móra teicneolaíochta tionscanta ag tuismitheoirí agus ag údaráis éagsúla ar fud na Stát Aontaithe.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ