Tá fear sna caogaidí a ionsaíodh i gcathair Luimnigh Lá Fhéile Pádraig tar éis bháis san ospidéal.
Gortaíodh Liam Higgins go dona i scliúchas a tharla ar Shráid Áth Longfoirt ar an taobh thoir den chathair ag thart ar 9.30 oíche na féile.
Tuigtear go raibh éirithe idir roinnt daoine agus gur ghéaraigh ar an aighneas nó gur thosaigh siad ag troid.
Tugadh Liam Higgins ón láthair chuig Ospidéal Ollscoile Luimnigh, áit ar éag sé inné.
Tá scrúdú iarbháis le déanamh ar a chorp san ospidéal sin níos deireanaí inniu.
Tugadh triúr fear os comhair cúirte cheana faoin scliúchas.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


