Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An Iaráin: caint ar 'léas dóchais' ach leanann an bhuamáil

26 MÁRTA 2026, 11:14

Tancaer feistithe le cé in Óman agus Caolas Hormuz san Iaráin ina bhearna bhaoil
X Facebook

Deir fórsaí míleata Iosrael go ndeachaigh siad in éadan na buamála in áiteanna éagsúla san Iaráin arís ar maidin, cathair Isfahan i lár na tíre ina measc.

Tá sé á thuairisciú ag na meáin in Iosrael gur mharaigh na hIosraelaigh ceannasaí cabhlaigh Ghardaí Reabhlóide na hIaráine ach níl aon ní ráite ina leith sin ag aon dream eile fós.

Tá na hIosraelaigh agus na Meiriceánaigh araon ag féachaint le cabhlach na hIaráine a ruaigeadh as Caolas Hormuz i ndeisceart na tíre agus an chuisle farraige sin a oscailt an athuair.

Is cosúil gurb é sin cuspóir an chogaidh anois, a dúirt aire cosanta na Pacastáine, cé go raibh Caolas Hormuz oscailte ar aon chaoi roimh an gcogadh, arsa sé mar a bheadh an scéal á mhearú.

Comharsa béal dorais leis an Iaráin is ea an Phacastáin agus tá guthaíocht mhór aici ar an scéal.

Comharsa leis an bPacastáin is ea an tSín agus d'iarr aire gnóthaí eachtracha na tíre sin ar na Meiriceánaigh agus ar na hIaránaigh "an léas dóchais" a dúirt sé a cheap sé a bhí ann faoi láthair a thapú agus dul i muinín na hidirbheartaíochta.

US President Donald Trump speaks at a podium during a committee fundraiser
Uachtarán Mheiriceá Donald Trump ag tabhairt óráide uaidh in Washington DC inné

Tá sé á mhaíomh ag Uachtarán Mheiriceá Donald Trump go bhfuil an dá thaobh i mbun comhráite cheana féin ach tá sin séanta go láidir ag an Iaráin.

Dar le Trump nach dtoilíonn na hIaránaigh a admháil go poiblí go bhfuil siad páirteach i gcomhráite ar fhaitíos go maródh a muintir féin iad.

Tá an chorraíl sa Mheánoirthear ag dul i gcion ar an ngeilleagar domhanda, cad eile.

Inné, dúirt an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta go mbeadh 3.2% d'ardú ar ráta an bhoilscithe in Éirinn i mbliana – i gcomparáid leis an 2.2% d'ardú a bhí ann anuraidh – de dheasca an chogaidh san Iaráin.

Siúd is go mb'olc an tuar é sin is measa fós an 4% d'ardú atá tuartha inniu ag Banc Ceannais na hÉireann.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ