Imreoidh foireann sacair Phoblacht na hÉireann ceann de na cluichí is tábhachtaí dár imir siad le tamall nuair a rachaidh siad féin agus foireann Phoblacht na Seice i gcomhrac le chéile i bPrág tráthnóna.
Áit i gCorn an Domhain sa samhradh an mhír churaidh i ndeireadh na dála ach tá dhá fhoireann náisiúnta eile sa mheá chomh maith.
Caithfidh buaiteoir an chluiche tráthnóna ceann acu An Danmhairg nó An Mhacadóin Thuaidh a bhualadh Dé Máirt seo chugainn le cáiliú don chomórtas.
Más comhscór an toradh tar éis 90 nóiméad agus tar éis am breise i bPrág anocht, rachfar i muinín ciceanna pionóis.
Tabhair pionós air – agus carghas – más é siúd ár gcinniúint, agus Éireannaigh ar fud an domhain á mbeophianadh i gcaitheamh an achair.
Cén dochar más ag baint taca as taise atáimid ... ach nár íorónta an gaisce a bheadh ann dá mba Panenka cosbhuille buach na nÉireannach, ós Seiceach den ainm sin a cheap agus a chuir i ngníomh an smitín dásachtach úd a chéaduair leathchéad bliain go ham seo!
Áirítear 6,000 Éireannach a bheith tagtha go Prág don ócáid mhór ach ní bheidh cead isteach sa staid tráthnóna ach ag an 1,024 díobh a bhfuil ticéid acu.
Agus cáil an challáin le fíorú acu, is cinnte go gcloisfear a n-ollghártha tacaíochta agus iad ag misniú na foirne leis an tseilg a thabhairt isteach.
Tá dúshlán níos mó fós roimh fhoireann Thuaisceart Éireann, más ea.
Ní mór dóibhsean culaith ghaisce an ghliaire a chur orthu féin sula dtéann siad chun catha le foireann na hIodáile i gcathair Bergamo tráthnóna. Agus cá bhfios? Tar éis an tsaoil, ní fál go haer é!
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


