Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An Craoslach: stáisiún seirbhísí úr ceadaithe

27 MÁRTA 2026, 12:20

An Craoslach an lá i ndiaidh na tubaiste
X Facebook

Tá cead tugtha ag Comhairle Contae Dhún na nGall stáisiún seirbhísí nua a thógáil in aice le suíomh na pléisce sa Chraoslach inar maraíodh deichniúr mí Dheireadh Fómhair 2022.

Roimhe seo, bhí úinéirí na háite ag iarraidh stáisiún seirbhísí nua a thógáil ar an suíomh féin ach dhiúltaigh an Coimisiún Pleanála an t-iarratas sin an samhradh seo caite.

Cuid de theaghlaigh na ndaoine a maraíodh sa tubaiste, chuir siad in aghaidh an iarratais úd agus in aghaidh an iarratais is deireanaí freisin ar an mbonn go mbeadh sé "maslach" agus "drochmheasúil" ionad tráchtála a bhunú ar an suíomh arís nó sna purláin.

I litir a seoladh chuig na teaghlaigh le gairid, más ea, dhearbhaigh pleanálaí sinsearach ón gComhairle Contae gur ceadaíodh an dara hiarratas.

Tá sé le tugtha le fios ag dhá theaghlach cheana féin go ndéanfaidh siad achomharc in aghaidh an chinnidh sin.

Tá seacht gcoinníoll déag ag baint leis an gcead pleanála, srianta ar uaireanta oscailte ina measc.

Caithfear freisin suirbhé a dhéanamh sa samhradh ar sciatháin leathair an cheantair agus a chinntiú nach gcuirfidh an fhorbairt isteach ar a ngnáthóg, agus ní féidir na foirgnimh agus na fothraigh atá ann faoi láthair a leagan i gcaitheamh shéasúr ghor na n-éan, sin idir thús Márta agus dheireadh Lúnasa.

Maraíodh deichniúr – ceathrar fear, triúr ban agus triúr páistí – de bharr na pléisce a tharla ag an stáisiún seirbhísí ar an 7 Deireadh Fómhair 2022.

 County Clare, Ireland
An deichniúr a maraíodh i dtubaiste an Chraoslaigh

Ba iad sin Catherine O'Donnell agus a mac James Monaghan; Robert Garwe agus a iníon Shauna Flanagan Garwe; Leona Harper; Jessica Gallagher; James O'Flaherty; Martin McGill; Martina Martin; agus Hugh Kelly. Idir chúig bliana d'aois agus naoi mbliana déag is dhá scór a bhí na mairbh.

Ní sé soiléir fós cad go baileach ba chúis leis an bpléasc agus tá sé tugtha le fios ag cuid de theaghlaigh na marbh go bhfuil siad thar a bheith míshásta leis an easpa dul chun cinn atá na Gardaí a dhéanamh i dtaca leis sin de.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ