Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear a mharaigh a sheanathair neamhchiontach i ndúnmharú

27 MÁRTA 2026, 16:34

Derek Mulligan faighte neamhchiontach i ndúnmharú a sheanathar i gCo Dhún na nGall
X Facebook

Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, fuarthas neamhchiontach i ndúnmharú a sheanathar fear 39 bliain d'aois as Gaeltacht Dhún na nGall, cé gurbh é rinne an marú dhá bhliain agus ráithe ó shin.

Is ar an mbonn go raibh an fear, Derek Mulligan, as a mheabhair ag an am a fuarthas neamhchiontach i ndúnmharú é.

D'ionsaigh Derek Mulligan a sheanathair, Derek Burns, a bhí 78 bliain, i nDoirí Beaga i nGaoth Dobhair ar an 17 Nollaig 2023 agus bhásaigh an seanduine in Ospidéal Leitir Ceanainn go gairid ina dhiaidh sin.

Dúradh sa triail go bhfacthas Derek Mulligan ar an mbóthar gar do theach a sheanathar an mhaidin sin agus é ag croitheadh a lámha san aer, ag caint leis féin, ag béiceadh agus ag rámhaillí.

Tugadh le fios gur léim sé ar bhoinéad gluaisteáin le comharsa leis, gur bhris sé fuinneog tosaigh an ghluaisteáin agus gur bhrúigh sé comharsa eile go talamh.

Cuireadh fios ar na Gardaí agus gabhadh Derek Mulligan faoi Alt 12 den Acht Meabhairshláinte.

Dúírt sé leis na Gardaí gur ionsaigh sé a sheanathair le cloch eibhir agus gur thug sé buille na tubaiste dó le bloc coincréite.

Derek Burns

Dúirt síciatraithe ar son na cosanta agus ar son an ionchúisimh araon leis an ngiúiré go raibh scitsifréine pharanóideach ar Derek Mulligan nuair a mharaigh sé a sheanathair.

Dúirt siad nach raibh aon neart aige ar a raibh déanta aige; nár thuig sé ag an am cad a bhí sé a dhéanamh; agus nár thuig sé go raibh an rud a bhí déanta aige mícheart – trí shlat tomhais na gealtachta i gcúiseanna dlí mar é.

Tiocfaidh an chúis os comhair na cúirte arís Dé Máirt seo chugainn, tráth a thabharfar cuntas ar an gcóireáil leighis atá le cur ar Derek Mulligan agus é faoi choinneáil.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ