Tugadh fear 30 bliain d'aois os comhair cúirte ar nasc físe i nDoire inniu agus é cúisithe i ndúnmharú mná ar chiumhais thoir na cathrach an deireadh seachtaine seo caite.
Fuarthas Amy Doherty agus í gortaithe go han-dona i dteach i gceantar Eachlann Mhóinéir an tSamhraidh ar maidin Dé Sathairn agus bhásaigh sí san ospidéal go gairid ina dhiaidh sin.
28 bliain d'aois a bhí Amy Doherty, bhí beirt pháistí aici agus bhí sí ag obair mar chúramóir in Ospidéal Allt Mhic Dhuibhleacháin.
Is é Connor McNamee, táthaire as Ardán Uí Mhíocháin i gcathair Dhoire, an té atá cúisithe ina dúnmharú.
Dúradh sa chúirt gur dúnmharú forthromaithe a bhí ann ó bhí drochíde sa teaghlach i gceist.
Tá Connor McNamee cúisithe freisin i scian agus i ndrugaí a bheith ina sheilbh aige.
Bhí a éadan brúite agus bhí sé i gcathaoir rothaí nuair a tugadh é os comhair na cúirte tráthnóna.
Gortaíodh é nuair a thit sé de Droichead an Fheabhail agus na póilíní sa tóir air lá an mharaithe.
Cuireadh Connor McNamee siar faoi choinneáil agus tabharfar os comhair cúirte arís é ar an 23 Aibreán.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


