Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An Iaráin: Trump ag caint ar bhinn a thógáil ar Oileán Kharg

30 MÁRTA 2026, 10:50

Achar 20 ciliméadar cearnach atá in Oileán Kharg a bhfuil luach thar a mhéid inti
X Facebook

Tá sé tugtha le fios ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go bhféadfadh sé "seilbh a ghabháil" ar ola na hIaráine, mar a dúirt sé, agus ar phríomh-chríochfort breosla na tíre sin ar Oileán Kharg i Murascaill na Peirse.

Tá na saighdiúirí coise agus an trealamh míleata a theastódh chun ionradh a dhéanamh ar an oileán sin curtha chun an réigiúin ag na Meiriceánaigh, gan trácht ar an loingeas míleata agus na hiompróirí aerárthaí atá acu ann cheana.

Mar is eol don saol, is minic teanga liom leat ag Trump agus os coinne a chuid cainte ar "sheilbh a ghabháil", dúirt sé go bhféadfadh na Stáit Aontaithe agus an Iaráin teacht ar chomhaontú síochána "go measartha gairid".

Mar le Kharg, mhaígh Trump coicís ó shin go raibh bonneagar míleata an oileáin scriosta ag aerfhórsa Mheiriceá ach dúirt gur scéal eile ar fad é bonneagar ola na háite.

JOINT BASE ANDREWS, MARYLAND - MARCH 29: U.S. President Donald Trump exits Air Force One on March 29, 2026 at Joint air Base Andrews, Maryland. The president was returning to Washington following a weekend trip to Florida. (Photo by Nathan Howard/Getty Images)
"Ní fhaigheann lámh iata ach dorn dúnta", a deirtear. Donald Trump ar a bhealach ar ais go Washington as Florida aréir

Tá tábhacht thar insint ag baint le Kharg ós as an oileán sin a sheachadtar 90% d'easpórtálacha amhola na hIaráine.

Barrshócmhainn eacnamaíochta na hIaráine is ea Kharg sa mhéid sin, a mbeadh an tír feidheartha, i ndáil leis, dá huireasa.

Ní ligfeadh na hIaránaigh uathu í go réidh, más ea, agus tá sé tugtha le fios acu go bhfuil siad ar fuireachas agus faoi réir más ionradh atá i ndán.

Dar leo, go deimhin, gur a ngoradh a gheobhadh aon saighdiúirí Meiriceánacha a leagfadh cos ar an oileán ná aon gheadán eile den mháthairthír.

Tá ola tar éis daoirsiú arís i bhfianaise na corraíola sa Mheánoirthear, cad eile.

€115 a bhí ar bhairille amhola Brent nuair a d'oscail na margaí idirnáisiúnta ar maidin inniu.

Diomaite de chúrsaí eacnamaíochta, leanann an bhuamáil, an marú agus an loitiméireacht.

Thug fórsaí míleata Iosrael le fios go raibh siad ag scaoileadh tuilleadh diúracán ó mhaidin le hionaid i bpríomhchathair na hIaráine, Tehran, agus le Béiriút sa Liobáin.

People and first-responders
Béiriút, 30 Márta 2026

Dúirt siad freisin go raibh diúracáin ón Iaráin agus ó Éimin curtha malairt slí acu.

Tá sé dearbhaithe ag fórsaí síochána na Náisiún Aontaithe i ndeisceart na Liobáine gur maraíodh saighdiúir as an Indinéis nuair a phléasc diúracán i ngar do bhunáit leo.

Leonadh go han-dona saighdiúir síochána eile de bharr na pléisce, a dúradh.

Níl sé soiléir fós cé a bhí freagrach as an ionsaí ach is minice na hIosraelaigh agus a gcuid seachghníomhairí sa réigiún thar aon dream eile ag buaireamh lucht na Náisiún Aontaithe.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ