Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

"Easpa breosla eitleáin faoi cheann míosa" - Ceannasaí Ryanair

01 AIBREÁN 2026, 11:33

X Facebook

Creideann príomhfheidhmeannach Ryanair Michael O'Leary go gcurfar as go suntasach don soláthar breosla scairdeitleáin faoi thús mhí na Bealtaine agus deir sé go bhfuil an chontúirt ann go mbeidh ganntan breosla san Eoraip amach sa samhradh má leanann an cogadh san MeánOirthear.

"Bíonn Ryanair agus ár gcuid soláthróirí breosla seasta ag faire ar an margadh domhanda" a dúirt Michael O'Leary le Sky News.

"Tá súil againn go mbeidh deireadh leis an gcogadh roimh thús an tsamhraidh agus go mbeidh deireadh leis an mbaol atá ann don soláthar" a dúirt sé.

Dúirt sé chomh maith go bhfuil "fálú réasúnta maith ag Ryanair" agus 80% den bhreosla a bheidh uathu as seo go ceann 12 mí ordaithe agus íoctha acu cheana féin.

"Rí-dheacair a bheith cinnte" - an Taoiseach

Idir an dá linn deir an Taoiseach go bhfuil an chontúirt don soláthar breosla agus go háirid an soláthar breosla eitlíochta "an-tromchúiseach" agus gur "rí-dheacair a bheith cinnte faoin méid atá romhainn".

Agus é ar a bhealach chuig cruinniú an Rialtais ar maidin, thagair Micheál Martin do chaint an Uachtaráin Trump faoi go mb'fhéidir go mairfeadh an chogaíocht san MeánOirthear coicís nó trí seachtainí eile, "tréimhse ró-fhada" a dúirt an Taoiseach.

Dúirt an Tánaiste Simon Harris go bhfuil "muid sa ngéarchéim fuinnimh is measa a bhí riamh i stair na cruinne".

"Tá an cogadh ar bun anois le 33 lá agus féach an dochar atá déanta do bhonneagar fuinnimh an domhain san achar sin".

Tá an tAontas Eorpach ag gríosadh ballstáit le iarracht a dhéanamh an t-éileamh náisiúnta ar bhreosla a mhaolú, agus iad ag cur fainic faoin tionchar fad-téarmach ar phraghas fuinnimh.

"Is léir dá mhéid is féidir a dhéanamh le ola a choigilt, go háirid díosal, go háirid ola eitleáin, is fearr a bheidh muid" arsa an Coimisinéir Fuinnimh Dan Jorgensen sa mBruiséil.

"Mar atá faoi láthair, d'fhéadfadh cúrsaí a ghabháil in olcas agus d'fhéadfadh sé go mbeadh maolú ar éileamh ag teastáil" a dúirt an Coimisinéir tar éis dó cruinniú físeáin a bheith aige le airí fuinnimh sna 27 ballstáit.

Tá an Coimisiún tar éis a rá arís nach mór-údar imní an soláthar ag an tráth seo, ach gur cúis mhór imní an t-ardú mór ar phraghas na h-ola.

Le cuid de thionchar an chogaidh atá ar bun ag Meiriceá agus ag Iosrael a mhaolú, tá an tAE tar éis 400 milliún bairille ola a scaoileadh ón taisce straitéiseach atá acu i gcomhar leis an nGíomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh.