Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Eitiltí iarnóin Dhún na nGall-BÁC ar ais an 1ú Bealtaine

01 AIBREÁN 2026, 13:01

Bhí achainí ag éileamh go dtabharfaí ar ais an tseirbhís eitilte sínithe ag breis is 20,000 duine
X Facebook

Beidh eitiltí san iarnóin idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath ag teacht ar ais ón gcéad lá den mhí seo chugainn agus ón 1ú Bealtaine freisin beidh eitleán á coinneáil thar oíche, mar a bhíodh, ag Aerfort an Chontae ar an gCarraig Fhinn.

Tá an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir tar éis fáilte a chur roimh na bhfógraí sin tar éis dóibh a bheith deimhnithe ag an Aire Iompair Darragh O'Brien.

Tús na bliana bhí conradh bronnta ar Emerald Airlines don tseirbhís aeir a bhíonn maoinithe ag an Stát agus faoin gconradh nua sin cuireadh deireadh leis an eitilt san iarnóin agus cuireadh eitilt ar maidin agus deirneach san oíche ina áit.

Cáineadh an socrú sin go géar go háitiúil san IarThuaisceart go háirid ar an mbonn go gcuirfeadh sé as do dhaoine a bhí ag brath ar eitilt san iarnóin le freastal ar choinní cúram ailse agus coinniú eile leighis san ardchathair.

Shínigh breis is 20,000 achainí ag éileamh go dtabharfaí ar ais an tseirbhís mar a bhí.

Faoin socrú atá fógartha anois fágfar soithíoch thar oíche ar an gCarraig Fhinn agus beidh eitilt ag fágáil Dhún na nGall ag 7.55rn agus ag filleadh ag 12.55in.

Fágfaidh eitilt na hiarnóine ag 2.30in agus fillfidh sí as Baile Átha Cliath ag 6.55in.

Tá 3 mhí caite ag an bpobal agus ag Coiste Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall i mbun achainí ar an Rialtas.

Dúirt Máire Uí Chomhaill ón gCoiste gur léirigh a bhfeachtas láidreacht, aontacht agus diongbháilteacht phobal an chontae sa mbaile agus thar lear agus ghabh sí buíochas le gach ar thacaigh leo.

Deir an Teachta Ó Gallachóir go raibh sé "riachtanach an tseirbhís a thabhairt ar ais mar a bhí" agus an oiread ag brath air ó thaobh cúram leighis, dualgais oibre agus oideachais, agus ceangal ceart le eitiltí ag fágáil Átha Cliath.

Tá seirbhís aeir as Dún na nGall á maoiniú ag an Rialtas faoi Oibleagáid Seirbhíse Poiblí ó 2004.

Anuraidh bhain 48% de na paisinéirí leas as an eitilt ag am lóin agus 52% leas as an rogha ag fágáil moch ar maidin agus ag filleadh deirneach sa tráthnóna.