Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An Iaráin "ag iarraidh sos cogaidh" – Trump

01 AIBREÁN 2026, 15:56

Trump freisin tar éis a rá le Reuters go bhfuil sé ag breithniú
X Facebook

Tá an tUachtarán Trump tar éis a rá ar na meáin shóisialta go bhfuil "an tUachtarán ar an Réimeas Nua san Iaráin tar éis sos cogaidh a iarraidh".

Deir ceannaire Mheiriceá go dtabharfaidh sé "freagra ar an iarratas nuair a bheidh Caolas Hormuz ar oscailt arís, ach go dtí sin, leanfaidh muid leis an mbuamáil agus an díothú".

Ní léir cén "Réimeas Nua" i Tehran atá i gceist aige, agus deir Garda Réabhlóide na hIaráine - an rialtas sa tír - go bhfuil an Caolas "go huil agus go hiomlán" faoina gceannas agus nach n-osclófar é "do námhaid an náisiúin ná do ghaotaireach sheafóideach Uachtarán na Stát Aontaithe".

Roimhe sin inniu dúirt Donald Trump gur cheap sé go mairfeadh ionsaí Mheiriceá agus Iosrael "coicís nó 3 seachtainí eile".

Tuairiscítear go bhfuil sé faoi bhrú bealach amach as an gcogadh a aimsiú agus praghas ola agus gáis ardaithe go suntasach i Meiriceá.

Tá sé le aitheasc teilifíse a thabhairt fós anocht tar éis dó a rá in agallamh le Reuters ar ball beag go raibh sé ag smaoineamh "tarraingt amach as NATO".

TEHRAN, IRAN - APRIL 01: Smoke rises after explosions struck the northeastern, western, and central areas amid Israeli attacks in Tehran, Iran on April 01, 2026. (Photo by Tolga Akbaba/Anadolu via Getty Images)

Idir an dá linn deir na meáin san Iaráin go bhfuil cúigear sibhéalach maraithe ag ionsaithe aeir de chuid Mheiriceá agus Iosrael inniu ar Mianeh in iarthuaisceart na tíre.

Tancaer ola le Catar buailte ag diúracán

Tá tancaer ola de chuid Chomhlacht Fuinneamh Chatar buailte ag diúracán de chuid na hIaráine agus í ar ancaire amach ón gCatar a deir Roinn Cosanta na tíre sin.

Deir an rialtas gur caitheadh 3 dhiúracán le Catar ach gur cuireadh péire acu ó mhaith.

Bhuail an tríú ceann an long breosla ach níor gortaíodh éinne agus níl aon sceitheadh i bhfarraige a deir an Roinn.

Deir Rialtas Tehran gur hionsaíodh an tír agus an soithíoch mar gheall ar an ngaol gar atá ag Catar le Iosrael.

Ionsaithe leanúnacha ar an Liobáin

Idir an dá linn lean ionsaithe na tíre sin ar an Liobáin i rith an lae.

A photograph taken from the southern coastal city of Tyre shows smoke rising from the site of an Israeli airstrike that targeted the village of El-Mansouri

Tuairiscítear go bhfuil tréan-chogaíocht ar siúl i gceantar Biyyada i ndeisceart na Liobáine.

Tá dróin agus sliogáin gunnaí móra á gcaitheamh ag Arm Iosrael agus ag Hezbollah lena chéile a deir tuairiscí ó Al Jazeera ar an láthair.

I mBeirut deir an Rialtas go bhfuil 1,318 maraithe le mí - 91 bean, 125 gasúr agus 53 oibrí sláinte ina measc - agus go bhfuil 3,935 duine leonta.

Deir lucht leighis in Iosrael gur gortaíodh duine amháin inniu i mbaile Kiryat Shmona i dtuaisceart Iosrael de bharr ionsuithe roicéid de chuid Hezbollah agus gur gortaíodh 14 duine de bharr ionsaí diúracáin de chuid na hIaráine ar Tel Aviv.

Tuairiscítear chomh maith gur lean ionsaithe cóilínigh i rith an lae ar Phalaistínigh ar an mBruach Thiar sna Críocha Gafa.

Páirtnéireacht níos gaire leis an AE de dhíth - Starmer

keir starmer speaks during a press conference with the union jack flag hanging behind me

Tá PríomhAire na Breataine Keir Starmer tar éis a rá go bhfuil "páirtnéireacht níos gaire leis an AE de dhíth" ar chúrsaí cosanta agus slándála agus geailleagair.

Ag preasócáid tráthnóna thagair sé don "chíor thuathail san MeánOirthear" agus don "dochar domhain atá déanta ag Brexit".

Dúirt sé go raibh comhoibriú níos fearr ag teastáil "le slándáil na Breataine a neartú agus leis an gcostas maireachtála a laghdú".

Dúirt sé "nach rogha atá i gceist idir gaol gar leis na Stáit Aontaithe nó leis an Aontas Eorpach" ach gur "chun tairbhe na Ríochta Aontaithe gaol gar a bheith againn" leis an dá dhream.