Cor nua i stair Pháirc an Chrócaigh an áit a bheith á chur ar fáil ag Cumann Lúthchleas Gael le haghaidh cluiche sacair idir dhá fhoireann ó phríomhshraith Shasana, Manchester United agus Leeds United.
Níor imríodh riamh cheana cluiche sacair idir dhá chlub ó Shasana i séadstaid náisúnta na nGael.
D'fhógair CLG inniu gur Dé Céadaoin an 12 Lúnasa a imreofar an cluiche dúshláin idir an dá United – sin trí lá i ndiaidh chluichí ceannais Chraobh Camógaíochta na hÉireann, foirceann shéasúr idirchontae an chumainn.
Beidh an-tóir ar an gcluiche ó tharla an oiread ceana a bheith ag an oiread daoine in Éirinn ar Man Utd agus Leeds araon, go háirithe an chéad cheann.
Seans nach mbeidh Leeds sa phríomhshraith thall faoin am a imreofar an cluiche, arae tá siad i mbaol a n-íslithe go sraith a dó faoi láthair.
2009 an uair dheireanach a imríodh sacar ar bith i bPáirc an Chrócaigh, tráth a bhfuair an Fhrainc an ceann is fearr ar Éirinn i gcluiche cáilithe Chorn an Domhain.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


