Tá an file agus scríbhneoir Gabriel Rosenstock tar éis bháis agus é 76 bliain d'aois.
A chlann a dheimhnigh a bhás tráthnóna i ráiteas faoi "fhile idirnáisiúnta a chuir go leor de mhórscríbhneoirí na cruinne faoi shúile lucht léitheoireachta na Gaeilge".
Chreid sé "i gcumhacht na filíochta" a dúirt siad "agus i gcumas na filíochta droichead a thógáil idir cultúir".
"Anam torthúil agus corrach a bhí aige a d'fhoilsigh breis is 400 leabhar.
Aireoidh muid uainn é, iad siúd go léir a raibh aithne againn air agus a léigh a chuid scríbhneoireachta.
Ar dheis Dé go raibh a anam dílis."
Labhair Gabriel Rosenstock le roinnt seachtainí leis an Irish Independent agus le Raidió na Gaeltachta - ag caint lena mhac an craoltóir Tristan ar an gclár "An fear nár saolaíodh riamh" - faoin ailse a bhí air a bhí tar éis scaipeadh, faoin leigheas nach raibh ag feidhmiú a thuilleadh agus faoina nglacadh a bhí aige roimh an mbás.
Bhí sé i mbun dialainne faoina thréimhse leis an tinneas agus a dhearcadh ina leith.

Labhair sé go misniúil le Nuacht TG4 cúpla lá sular cailleadh é, ag breathnú siar ar a shaol agus chun cinn chun na síoraíochta.
I gCill Fhíonáin i gCo Luimnigh a rugadh é.
Altra as Baile Átha an Rí i gCo na Gaillimhe a bhí ina mháthair, agus dochtúir agus scríbhneoir as an nGearmáin a bhí ina athair.
I gColáiste na hOllscoile Corcaigh a bhain sé cáil amach ar dtús, sa ngrúpa filí Innti, ina raibh Michael Davitt, Liam Ó Muirthile agus Nuala Ní Dhomhnaill freisin.

Ball d'Aosdána a bhí ann agus iarChathaoirleach ar Poetry Ireland/Éigse Éireann.
Thug sé faoin bhfilíocht, drámaíocht, haiku, úrscéalta, aistí agus aistriúchán ar bhreis is 180 saothar.
Maireann a bhean Eithne agus a gclann.


