Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Greim ar 3,000 tiománaí i mbun ró-luais faoi Cháisc

06 AIBREÁN 2026, 16:33

Feachtas faire na nGardaí ar siúl ó Déardaoin seo caite agus é le críochnú maidin amárach.
X Facebook

Bhí tiománaí cairr a bhí ag déanamh 138 km/ua i gcrios 50 km/ua i measc breis is 3,000 tiománaí ar rugas orthu i mbun ró-luais le 4 lá anuas ó thosaigh na gardaí ar fheachtas sábháilteachta tráchta na Cásca.

Ag a 7 a chlog ar maidin an 2ú Aibreán a thosaigh an feachtas a leanfaidh go dtí a 7 maidin amárach, agus gardaí "tar éis treisiú ar thástáil tiománaithe faoi thionchar ábhar meisciúil agus faoi sheicphointí ardfheiceálacha" a deir siad.

Sna figiúirí atá foilsithe tar éis an chéad 4 lá den fheachtas, tá 138 duine gafa faoi a bheith ag tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí eile meisciúla.

Rugas ar 310 duine a bhí ag úsáid fón póca nó a bhí ag tiomaint gan crios sábhála orthu.

Sa gCathair i gCo Thiobraid Árann a rugas ar an tiománaí ag taisteal ag 138 km/ua.

Taifeadadh tiománaí eile ag déanamh 117 km/ua i gcrios 80 km/ua ar an N4 i Leamhcán i mBaile Átha Cliath.

Tá sé tugtha le fios freisin ag na gardaí go bhfuil beirt básaithe i dtubaistí éagsúla bóthair ar dheireadh seachtaine fada na Cásca.

a view of the roundabout at station road in letterkenny, co donegal
Timpeallán an Stáisiúin ar Bhóthar an Phoirt i Leitir Ceanainn, áit ar bhuail leoraí coisí Dé hAoine

Tá bean a bhí tuairim is 50 a bhí amuigh ag siúil tráthnóna Dé hAoine nuair a bhuail leoraí í i Leitir Ceanainn i gCo Dhún na nGall tar éis bháis san ospidéal.

Agus maraíodh ar an toirt fear, thart ar 60, a bhí ag tiomáint cairr i mBaile Chaisleán an Róistigh i gCo Chorcaí nuair a d'imigh an fheithicil den bhóthar ag am lóin inniu, gan sa gcarr ach é féin.

44 duine atá maraithe ar bhóithre na tíre go dtí seo i mbliana.