Táthar "ag cur as go suntasach" don trácht i lár Bhaile Átha Cliath tráthnóna a deir na Gardaí de bharr agóide in aghaidh chostas ard an bhreosla.
Tá leoraithe páirceáilte ar Shráid Uí Chonaill, agus an tsráid dúnta ag gabháil ó thuaidh agus ó dheas.
Tá Sráid Theach Laighean agus Sráid Chill Dara i gcomharsanacht Dháil Éireann dúnta freisin ag lucht na hagóide, agus tá moill ar fud na cathracha agus an trácht á cur ar mhalairt treo.
Dúirt duine de lucht na hagóide, an conraitheoir feirme Gary Leonard (26 bliain d'aois) as Co na Mí, go raibh sé féin agus 80 tiománaí eile tar éis 4 uair a chloig a chaitheamh ag taisteal as an Uaimh le deireadh a éileamh ar dhleacht custaim agus ar cháin carbóin ar an díosal.
"Bhí mise in ann an tarracóir seo, gnáth-tharracóir nach bhfuil an-mhór, a líonadh anuraidh ar €250. €450 anois a choisníonn sé orm".
Deir Bus Átha Cliath go bhfuil a gcuid seirbhísí i lár na cathrach curtha go mór as a riocht.
Ar fud na tíre tá moill curtha ar thrácht ag leoraithe, tarracóirí, busanna agus carranna á dtiomáint go mall faoi chonbua i dtreo chathracha agus bailte móra mar chuid d'agóid náisiúnta faoi chostas ard breosla.
Tá léirsithe eagraithe go háitiúil agus iad ag déanamh ar Bhaile Átha Cliath, ar Chorcaigh, ar Luimneach, ar Ghaillimh agus ar Shligeach agus moill curtha ar an trácht acu ar shlite go leor.
Tá an lucht eagraithe ag éileamh ar an Rialtas an dleacht a ghearrtar ar pheitreal agus díosal a laghdú tuilleadh le ghabháil i ngleic leis an mborradh mór ar phraghas de bharr chogaíocht Mheiriceá agus Iosrael ar an Iaráin.
Tá agóidí tarlaithe ar mhótarbhealaí an M1, M3, M4, M6 agus an M7, agus ar bhealaí eile.
Tháinig scuainí feithiclí ag taisteal go mall thar Bhaile Brigín ó thuaidh den ardchathair ar an M1; as Mullach Eadrad ar an M3 i dtreo an M50; as Maigh Nuad i gCill Dara ar an M4; as Nás na Rí ar an M7.
Chruinnigh leoraithe i mbun agóide freisin ar chiumhais Chathair Luimnigh; ar an M8 in Áth na hUrlainn i gCo Chill Chainnigh; agus soir ar an M6 as Móta i gCo na hIarmhí agus siar ar an M6 as Baile Átha an Rí go Gaillimh.
Bhí conbhua chomh maith sa Tullach Mhór in Uíbh Fhailí, i bPort Laoise i gCo Laoise, agus ar an N11 i gCill Mhantáin ag gabháil go Baile Átha Cliath.
I gCorcaigh cuireadh moill ar an trácht ag gabháil soir ar an N40 ach mhaolaigh sé agus lucht na hagóide ag tógáil Tollán Jack Lynch, ceann de 6 cinn d'agóidí eagraithe sa gcontae.
Bhí agóid chomh maith ag lucht leoraithe lastais, feirmeoirí ar tharracóirí, lucht busanna agus tiománaithe eile as Dún na nGall, Sligeach agus Liatroim ag gabháil isteach go baile Shligigh in iarthuaisceart na tíre, agus chuir Aerfort Átha Cliath ar an gcósta thoir fainic ar phaisinéirí a bheith ar an airdeall faoi mhoill ar thrácht sa limistéar sin.


