Tá 40% de thuismitheoirí páistí atá ag freastal ar scoileanna Caitliceacha nó scoileanna eile sainchreidmheacha ag iarraidh scolaíocht il-sainchreidmheach dá gclann de réir suirbhé náisiúnta atá déanta ag an Roinn Oideachais agus Óige.
Léirítear go bhfuil 13% de thuismitheoirí dhaltaí i scoileanna Béarla ag iarraidh oideachais tré Ghaeilge san suirbhé céanna.
Deir an Roinn go raibh "leibhéal thar a bheith ard páirteach" sa taighde agus gur thug níos mó ná 41% de theaghlaigh ina bhfuil gasúir scoile nó gasúir réamhscoile freagra ar an suirbhé ag deireadh na bliana seo caite.
Torthaí ó theaghlaigh gasúir atá ag freastal faoi láthair ar an mbunscoil atá foilsithe inniu.
Mar a sheasann cúrsaí scoileanna Caitliceacha iad breis is 90% de bhunscoileanna na tíre agus tá 60% de thuismitheoirí na ndaltaí sin sásta an cultúr scoile sin a choinneáil.
Ach i gCill Mhantáin tá beagnach 50% ag iarraidh oideachais il-sainchreidmheach agus 45% atá i gceist i gCo Átha Cliath, Co Chorcaí, Co Phort Láirge agus Co Chill Dara.
Figiúir i bhfad níos lú, thart ar 30% a bhí á iarraidh i nDún na nGall, an Longfort agus Muineachán.
Fáilte curtha roimh an suirbhé
Tá an eagraíocht Ag Foghlaim le Chéile a dhéanann pátrúnacht il-sainchreidmheach ar 97 bunscoil go náisiúnta tar éis fáilte a chur roimh an suirbhé agus deir siad gur díol mór suntais é go bhfuil 40% ag iarraidh a leithéid ach nach bhfuil ach 5% de scoileanna na tíre faoi láthair á chur ar fáil.
"Is eol dúinn go bhfuil scoileanna ar fud na tíre ina bhfuil tromlach na dtuismitheoirí agus na múinteoirí ag iarraidh a bpátrúnacht a athrú" a deir an Dr Emer Nowlan, príomhfheidhmeannach Ag Foghlaim le Chéile "agus is fada linn go mbeidh muid in ann cuidiú leo an t-athrú sin a dhéanamh".
Deir Cumann Bainistíochta na mBunscoileanna Caitliceacha gur léir go bhfuil tacaíocht láidir i gcónaí don oideachas Caitliceach agus deir Alan Hynes-Cendrzak, an príomhfheidhmeannach ar an bPáirtíocht Oideachais Chaitliceach, go bhfuil súil acu "go léiríonn an suirbhé go mbeidh idirbheartaíocht níos mó ag an Roinn feasta le tuismitheoirí...faoin gcuraclam agus faoi nithe eile atá ag déanamh tinnis do thuismitheoirí".
Rogha ag tuismitheoirí - An tAire
Deir an Roinn agus an tAire Oideachais Hildegarde Naughton gur ag tuismitheoirí agus caomhnóirí a bheidh an rogha an il-sainchreidmheachas agus an scoláiocht tré Ghaeilge a phlé.
Beidh gach scoil ag fáil na dtorthaí ón suirbhé a bhaineann lena scoil féin a deir an tAire "agus beidh an Roinn in ann tacú leo más mian leo athruithe a dhéanamh ar éiteas na scoile, nó teanga foghlamtha na scoile nó leanacht nó gan leanacht leis an scolaíocht aon-inscne".
Léiríonn an suribhé go bhfuil 73% de na tuismitheoirí san 276 bunscoil aon-inscne sa tír ag iarraidh gur scoil chomhoideachais a bheadh ag a gclann.
Beidh an Roinn ag seoladh tuairisc ar leith ag gach ceann den 3,200 bunscoil sa tír sna seachtainí amach romhainn "le cuidiú le pátrúin, le boird bainistíochta, le múinteoirí agus le tuismitheoirí na chéad chéimeanna eile a phlé".
Sna tuairiscí sin beidh mianta thuismitheoirí agus chaomhnóirí dhaltaí atá ag freastal faoi láthair ar an scoil, agus mianta thuismitheoirí agus chaomhnóirí dhaltaí atá le tosnú ag freastal go luath ar an scoil.
Níl an t-eolas sin faoi dhaltaí réamhscoile foilsithe inniu, ná torthaí suirbhé eile a déanadh inar ceistíodh múinteoirí sna scoileanna agus comhaltaí ar bhoird bainistíochta.
Dearcadh Chumann na Múinteoirí
Tá cearchumann na múinteoirí bunscoile an INTO tar éis éileamh ag a gcomhdháil bhliantúil tráthnóna go bhfoilseofaí an t-ábhar sin gan mhoill.
Caitheadh vóta ag an gcomhdháil anuraidh go dtabharfadh an cumann faoi fheachtas le deifir a chuir faoin bpróiseas le scoileanna a athrú ó phátrúnacht Chaitliceach agus glacadh le rún freisin "go guirfí ar neamhní reachtaíocht a cheadaíonn go scoil leithcheal a dhéanamh ar mhúinteoirí agus ar mheitheal eile scoile ar bhonn creidimh".
493,000 teaghlach a bhí in ann páirt a ghlacadh sa suirbhé a bhí bunaithe ar Éirchóid agus sonraí eile dearbhúcháin.
241,301 aighneacht a tháinig ar ais.
Ceadaíodh 200,381 tar éis próiseas fíorúcháin.
Diúltaíodh an séú cuid de na freagraí - 40,920 - a bhformhór mór de bharr dúblála ar an mbonn go raibh freagra eile faighte ón Éirchód céanna.


