Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Meiriceá ag séanadh go scaoilfidh siad airm núicléacha

07 AIBREÁN 2026, 15:31

X Facebook

Tá an Teach Bán ag séanadh tráthnóna go bhfuil Meiriceá ag breithniú airm núicléacha a chaitheamh leis an Iaráin agus bagairtí nua déanta ag an Uachtarán Trump.

B'éigean don Réimeas i Washington an "soiléiriú" sin a dhéanamh tar éis don LeasUachtarán JD Vance labhairt agus é ar cuairt ar Viktor Orban san Ungáir faoi "uirlisí a bheith ag na Fórsaí Armtha nár bhain muid leas astu fós".

this photograph shows JD Vance shaking hands with Viktor Orban as US and Hungarian flags hang behind them
Vance agus Orban i mBúdaipeist

Fiú agus an Wall Street Journal ag tuairiscí go bhfuil deireadh curtha ag an Rialtas i Tehran le haon idirbheartaíocht le Washington - rud atá séanta le cúpla nóiméad anuas ag nuachtán an Rialtais an Times of Tehran - tá Trump ag cur fainic ar an Iaráin margadh a dhéanamh "nó curfar sibhialtacht iomlán chun báis anocht.

"Ní hé sin atá uaim ach is dóigh gurbh é atá romhainn.

Gheobhaidh muid amach anocht é".

Tá an tUachtarán ag rá le cupla lá anuas gurbh é an haon a chlog anocht (am na hÉireann) an sprioc le theacht ar shocrú nó titfidh ollscrios ar an Iaráin, ar a cuid stáisiúin ginte leictreachais, droichid agus bonneagar eile, agus go ndéanfar "clochaoisiú" ar an tír.

Coir cogaidh a bheadh ina leithéid a deir saineolaithe ar an dlí idirnáisiúnta.

Iranian national flags are placed by the rubble of a collapsed building following strikes at Sharif University of Technology in Tehran
Ollscoil Teicneolaíochta Sharif i Tehran inniu

Tá foinse i Rialtas Tehran tar éis a thabhairt le fios do Reuters "go dtitfidh dorchadas ar fud an réigiúin ar fad agus ar an Araib Shádach go sonrach leis na hionsaithe díoltais" a dhéanfaidh an Iaráin sa gcás is go dtéann Trump chun cinn.

Fágfar na Stáit Aontaithe agus a cuid comhghuaillithe "gan ola ar feadh na mblianta" a deir sé.

Is eol do Washington an méid sin a deir an foinse agus an scéala sin curtha chucu ag Catar.

Ní osclófar Caolas Hormuz a deir sé "ar gheallúintí gan brí" agus más gá dúnfar Caolas Bab El-Mandeb chomh maith a deir sé, ag tagairt do chumas na Houthi san Éimin.

Smoke rises following strikes on Tehran
Tehran tráthnóna

Ar ball beag d'fhógair PríomhAire Iosrael Benjamin Netanyahu go bhfuil an tír sin tar éis ionsaithe buamála a dhéanamh inniu ar iarnróid agus ar dhroichid "a bhíonn á n-úsáid ag Garda na Réabhlóide (sárfhórsaí Arm na hIaráine)" agus gur scrios siad eitleáin iompair agus "na scórtha ingearán" ag bunáit de chuid Aerfhórsa na hIaráine.

Idir an dá linn thug Rialtas na Liobáine le fios tráthnóna go bhfuil 1,530 duine maraithe ag Arm Iosrael i mBeirut agus i ndeisceart na Liobáine le mí anuas - 102 bean agus 130 gasúr ina measc, chomh maith le 57 oibrí sláinte - agus go bhfuil 4,800 gortaithe.

Smoke rises following an Israeli airstrike on the area of Ali al-Daher in southern Lebanon
Deisceart na Liobáine

Deir an tArm go bhfuil siad tar éis "seilbh a ghlacadh ar limistéar 5-9 km ó thuaidh den teorainn" ach is beag gabháil chun cinn déanta ag Iosrael tuairiscítear san áit agus é ag cinnt orthu an lámh i n-uachtar a fháil ar Hezbullah.