Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fáilte curtha roimh an sos cogaidh sa mheánoirthear

08 AIBREÁN 2026, 10:22

Beidh Caolas Hormuz ar oscailt le linn na coicíse amach romhainn, i bhfianaise sos cogaidh a bheith fógartha aréir
X Facebook

Tá fáilte mhór curtha ag ceannairí ar fud an domhain roimh fhógra an lae inné go mbeidh sos sa trodaíocht idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Iaráin as seo go ceann coicíse. Le linn na coicíse sin, ligfear d'árthaí, longa agus báid taisteal trí Chaolas Hormuz, uiscebhealach mara idir Murascaill na Peirse agus Murascaill Óman, ina seoltar 20% d’ola an domhain, do thíortha san Áis, den chuid is mó.

Tá an Iaráin ag maíomh gurb iadsan atá caithréimeach i bhfianaise stop a bheith curtha leis na hionsaithe

Thug Uachtarán an Choimisiún Eorpaigh, Ursula von der Leyen, le fios go raibh ag géarú ar an aighneas le 40 lá anuas agus gur mar sin, go bhfuil géarghá leis an bhfaoiseamh sealadach seo.

"Molann muid an sos comhraic", a scríobh Uachtarán Zelensky na hÚcráine ar X. "Tá muidne san Úcráin ag iarraidh le fada go mbeadh an Rúis sásta éirí as an trodaíocht, agus deis a thabhairt don phróiséas taidhleoireachta."

Ukrainian President Volodymyr Zelensky
Tá Uachtarán Zelensky na hÚcráine ag iarraidh, a deir sé, go leanfaidh an Rúis sampla
Mheiriceá agus na hIaráine, agus go mbeidh sos cogaidh i bhfeidhm idir an Úcráin
agus an Rúis freisin.

Chuir an tSín agus an Rúis fáilte roimh an bhfógra chomh maith. Dúirt urlabhraí de chuid na Síne go leanfadh an tír sin ar aghaidh ag cur réiteach síochánta chun cinn, pé bealach gur féidir leo. Agus thug urlabhraí ar son na Rúise le fios nach raibh sa chogadh riamh ach ionsaí gan chúis ná spreagadh.

Dúirt Príomhaire Iosrael, Benjamin Netanyahu, nach mbeadh an Liobáin clúdaithe faoin sos cogaidh agus go leanfaí ar aghaidh ag déanamh ionsaithe ar Hezbollah. Go deimhin, rinne Iosrael aerionsaithe arís maidin inniu ar dheisceart na Liobáine, in ainneoin don Phacastáin a rá gur, de réir mar a thuig siadsan, go gcuirfí stop le hionsaithe ar an tír sin.

"Níl an Spáinn chun bualadh bos mór a thabhairt dóibh siúd a chuir an domhan trí thine", a dúirt Príomhaire na Spáinne, Pedro Sanchez, "díreach toisc gur tháinig siad ar an láthair le buicéad." Tá an Spáinn tar éis a bheith iontach cáinteach ar Stáit Aontaithe Mheiriceá ón tús as an gcogadh seo a thosú.

THE HAGUE, NETHERLANDS - JUNE 25: President of Spain Pedro Sanchez speaks to the press during the NATO summit on June 25, 2025 in The Hague, Netherlands. This year's NATO summit, which brings together heads of state and government from across the military alliance, is being held in the Netherlands f
"Nílim chun bualadh bos mór a thabhairt dóibh siúd a chuir an domhan trí thine"
a dúirt Príomhaire Sanchez na Spáinne.

Bhí titim ar phraghsanna fuinnimh ar fud an domhain inniu i ndiaidh don sos cogaidh a bheith fógartha. Ach mar sin féin, deir saineolaithe go mbeidh breosla níos costasaí ná mar a bhí sé roimh an gcogadh go ceann tamaill go fóill.

"Nílim chun bualadh bos mór a thabhairt dóibh siúd a chuir an domhan trí thine"
a dúirt Príomhaire Sanchez na Spáinne.

Bhí titim ar phraghsanna fuinnimh ar fud an domhain inniu i ndiaidh don sos cogaidh a bheith fógartha. Ach mar sin féin, deir saineolaithe go mbeidh breosla níos costasaí ná mar a bhí sé roimh an gcogadh go ceann tamaill go fóill.

' />