Bhí beirt fhear os comhair cúirte i mBaile Átha Cliath inniu maidir le líomhaintí go raibh teagmháil mhídhleathach idir iad féin, agus iad ina n-oifigigh de chuid an Gharda Síochána, agus drong coireacht eagraithe.
Bhí an Garda Manus Keane os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath. Tá sé cúisithe in eolas rúnda a bhí bailithe aige agus é i mbun dualgais a sceitheadh go mídhleathach sa bhliain 2014, agus fios aige go bhféadfadh díobháil a bheith mar thoradh ar an nochtadh sin.
Tugadh fianaise sa chúirt inniu gur gabhadh an Garda, 46 bliain d'aois, ar maidin agus gur tugadh é go dtí Stáisiún na nGardaí i gCill Mhaighneann.
Scaoileadh saor faoi bhannaí é ar an gcoinníoll nach mbeidh aon teagmháil idir é féin agus aon té eile atá cúisithe i dtaca leis an gcás, ná le haon duine de na finnéithe. Thug an Breitheamh Brendan O’Reilly ordú freisin nach bhfoilseofaí a sheoladh baile.
Dúradh sa chúirt go bhfuil ordú tugtha ag Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí go gcuirfear ar a thriail é i gcúirt níos uachtaraí.
Beidh an Garda Keane os comhair cúirte arís ar 12 Meitheamh.
John Murphy is ainm don tarna fear a bhí os comhair cúirte inniu i dtaca leis an bhfiosrúchán seo. Iarcheannfort de chuid an Gharda Síochána is ea é, atá 66 bliain d’aois.
Tá sé curtha ina leith go raibh sé ar an eolas faoi ghníomhachtaí drong coireachta agus gur ghlac sé páirt iontu nó gur léirigh sé míchúram go bhféadfadh coir thromchúiseach a bheith mar thoradh ar a rannpháirtíocht. Baineann na cúiseanna le tréimhse idir 12 Aibreán 2016 agus 29 Meán Fómhair 2021.
Cuireadh siar faoi choinneáil é agus beidh sé os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath arís an tseachtain seo chugainn.


