Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

Sraith mórionsaithe ar an Liobáin inniu, in ainneoin sos cogaidh

08 AIBREÁN 2026, 14:14

Na dosaein maraithe sa Liobáin, a deir na húdaráis ansin, in aerionsaithe a rinne Iosrael ar dheisceart na tíre.
X Facebook

Deir Aireacht Sláinte na Liobáine go bhfuil "na dosaein" maraithe agus na céadta gortuithe i sraith
aerionsaithe a rinne Iosrael ar dheisceart na Liobáine ar maidin.

Fógraíodh sos cogaidh idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráic aréir. Cé go ndeir fórsaí Iosrael, an IDF, go bhfuil siad le stop a chur le hionsaithe ar an Iaráic as seo go ceann coicíse, leanfaidh siad lena n-ionsaithe, a deir siad, ar Hezbollah sa Liobáin.

First responders stand amid rubble at the site of an Israeli airstrike in Beirut's Corniche al-Mazraa neighbourhood
Tá príomhchathair na Liobáine, Béiriút, buailte go trom sna hionsaithe inniu

Chuir an aireacht sláinte fainic ar an bpobal tiomáint a sheachaint, i mBéiriút ach go háirithe, le deis a thabhairt do na seirbhísí éigeandála teacht i dtarrtháil ar dhaoine agus leis na
sráideanna a ghlanadh amach le ligint dóibh otharchairr a thiomáint tríd.

Tá an Iaráin fós i mbun machnaimh, a deir siad, faoi ionsaí a dhéanamh ar Iosrael mar dhíoltas as na hionsaithe atá á ndeanamh ag Iosrael ar an Liobáin. Mar sin, tá seans go fóill nach mbeidh an sos cogaidh chomh seasmhach agus a ceapadh ar dtús. Agus ó fógraíodh an sos cogaidh, tá tíortha na Murascaille ag tuairisciú go fóill go bhfuil an Iaráin fós ag scaoileadh diúracáin leo, Cuáit agus Aontas na nÉirmíríochtaí Arabacha, cuir i gcás.

Tháinig an sos cogaidh a fógraíodh aréir i bhfeidhm tar éis 40 lá trodaíochta. Bhí an Phacastáin ag feidhmiú mar idirghabhálaí idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráic ag druidim leis an sos cogaidh. Sular fógraíodh é, bhí bagairt déanta ag Uachtarán Trump Mheiriceá go raibh "sibhialtacht (is é sin, an Iaráin) ar thairseach a léirscriosta". Bhí sé bagartha aige go scriosfadh na Stáit Aontaithe go leor de bhonneagar na hIaráine. Ach uair a chloig roimh an am a bhí luaite ag Uachtarán Trump le tús na mórionsaithe sin, fógraíodh go dtiocfadh sos cogaidh i bhfeidhm sa réigiún agus go n-ósclófaí Caolas Hormuz as seo go ceann coicíse, fad is a bheidh na páirtithe ar fad i mbun idirbheartaíochta maidir le socrú síochána níos buaine a aontú.

A view of skyscrapers from the Dubai International Financial Centre area
Dubai, Aontas na nÉirmíríochtaí Arabacha: deir na húdaráis ansin go bhfuil an Iaráin
fós ag scaoileadh diúracáin leo

Tá sé fógartha inniu go mbeidh cainteanna ar siúl idir Meiriceá agus an Iaráin sa Phacastáin ar 10 Aibreán.

Dúirt Uachtarán Trump Mheiriceá inniu go mbeidh na Stáit Aontaithe ag cinntiú nach mbeidh ábhar núicléach fágtha ag an Iaráin, fiú más rud é go gcaithfidh Meiriceá an t-ábhar núicléach sin "a thoilcailt amach".

Dúirt Rúnaí Cogaíochta na Stáit Aontaithe, Pete Hegseth, inniu go bhfuil deis dáiríre ann anois síocháin a bhaint amach.

US Secretary of War Pete Hegseth speaks during a news conference in the White House
Deir Rúnaí Cogaíochta na Stát Aontaithe, Pete Hegseth, gur "roghnaigh Uachtarán Trump
trócaire" nuair a shocraigh sé gan tús a chur le léirscrios na hIaráine aréir.

Thug sé le fios gur "roghnaigh an tUachtarán Trump trócáire" nuair a shocraigh sé gan an léirscrios a bhí geallta aige ar an Iaráin a thosú aréir.

Tá an dá thaobh – na Meiriceánaigh agus an Iaráin - ar aon ag maíomh gurb iadsan atá caithréimeach.

' />