Tá fáilte curtha ag Comhairle Contae na Gaillimhe, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus ag Bonneagar Iompair Éireann roimh an bhfógra ar maidin go bhfuil cuarbhóthar na Gallimhe - Bóthar an N6 - ceadaithe ag an gCoimisiún Pleanála.
Tá 20 bliain imithe tharainn ó moladh an togra seo ar dtús, agus tá sé údar conspóide ó shin. Tuairiscítear plódú tráchta agus tranglaim tráchta i gCathair na Gaillimhe go minic agus bhíothas súil go dtiocfadh laghdú mór ar an dtrácht, dá dtógfaí an cuarbhóthar.
Cheadaigh an Bord Pleanála an bóthar ar dtús sa bhliain 2008. Ach chuir Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an cead sin ar neamhní, ar chúiseanna comhshaoil.
Rialaigh siad go ndéanfadh tógáil an chuarbhóthair "díobháil mhór fhadthréimhseach" do ghnáthóga atá faoi chosaint faoi Threoir an Aontais Eorpaigh.
Rinneadh iarracht arís cead pleanála a fháil don togra sa bhliain 2018. Chuir Comhairle Cathrach na
Gaillimhe agus Comhairle Contae na Gaillimhe plean faoi bhráid na n-údarás pleanála, a bhí mar chuid de Stráitéis Iompair na Gaillimhe.
Bóthar 18 ciliméadar ar fad a bhí molta, ó Mhótorbhealach an M6, siar níos faide ná Bearna. Chun an plean sin a chur i gcrích, bheadh gá le thart ar 40 teach agus aon ghnó dhéag a leagan. Chuirfeadh an plean a bhí molta isteach ar 500 úinéir talún.
Rinneadh 300 aighneacht i gcoinne an phlean sin. Bhí Cairde Comhshaoil na hÉireann ar cheann amháin de na dreamanna a bhí ag rá go raibh an plean ag teacht salach ar spriocanna aeráide na hÉireann. Bhí
pobal gnó na Gaillimhe go mór i bhfábhar thógáil an chuarbhóthair.
Don tarna huair, ceadaíodh an togra, agus ansin, cuireadh an cead sin ar neamhní i 2022.
Chuir na húdaráis áitiúla iarratas úr faoi bhráid na n-údarás pleanála don tríú huair i 2023 agus anuraidh cuireadh eolas sa bhreis ar fáil maidir leis an tionchar aeráide a bheadh i gceist, dá dtógfaí an bóthar.
Tá Cuarbhóthar na Gaillimhe, an N6 anois ceadaithe ag an gCoimisiún Pleanála.
togra chomh luath agus is féidir leis an bplódú tráchta seo a sheachaint.
I ráiteas ar maidin, chuir Comhairle Contae agus Cathrach na Gaillimhe agus Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) fáilte roimh an gcinneadh.
"Is gné lárnach den réiteach iompair níos leithne do Chathair agus do Chontae na Gaillimhe é, ag tacú le BusConnects, feabhsuithe leanúnacha iarnróid, Taisteal Gníomhach agus seachadadh leanúnach ar mhórthionscnaimh iompair eile faoi Straitéis Iompair na Gaillimhe (SIG)", a dúradh sa ráiteas.
Tuigeann Comhairle Chontae na Gaillimhe, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus BIÉ go raibh an próiseas pleanála "fadálach" agus "an-dian" ar úinéirí tí agus réadmhaoine, a dúirt siad.
D'eisigh lucht gnó na cathrach ráiteas inar chuir siad fáilte roimh an togra freisin, ach dúirt siad go raibh géarghá leis an tógáil a bhogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile chomh luath agus is féidir.
Sa ráiteas a d’eisigh siad ar maidin, thug na comhairlí agus BIÉ le fios go dtuigeann siad an phráinn atá ag baint leis an togra:
"Gabhfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus BIÉ ar aghaidh anois, tar éis athbhreithniú mionsonraithe a dhéanamh ar chinneadh an Choimisiúin Pleanála, go dtí an chéad chéim eile den tionscadal. Cuimsíonn an chéim 'Cumasúchán agus Soláthar’ dul chun cinn an dearaidh mhionsonraithe, ullmhú cáipéisí chonartha agus an próiseas soláthair."
Tá costas €600m luaite leis an togra.


