Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Ionsaithe úra déanta inniu ag Iosrael ar an Liobáin

09 AIBREÁN 2026, 12:35

Ionsaithe úra déanta ag Iosrael ar an Liobáin
X Facebook

Tá ionsaithe úra déanta inniu ag Iosrael ar an Liobáin, rud a fhágann go bhfuil an sos cogaidh a fógraíodh idir an Iaráin agus na Stáit Aontaithe Dé Máirt idir dhá cheann na meá.

Inné, maraíodh breis agus 250 duine i sraith ionsaithe a rinne Iosrael ar an Liobáin.

Dúirt ceannasaí ghnóthaí eachtracha an Aontais Eorpaigh, Kaja Kallas, inniu gur chóir go mbainfeadh an sos cogaidh leis an Liobáin freisin. Thug sí le fios nach mbaineann "dian-ionsaithe Iosrael le féinchosaint."

European Union High Representative for Foreign Affairs and Security Policy Kaja Kallas delivers a speech in Brussels
"Ní féinchosaint iad ionsaithe Iosrael" - Kaja Kallas

"Ba chóir do Hezbollah éirí as airm freisin", a dúirt sí. "Is iadsan an dream a tharraing muintir na Liobáine isteach sa chogadh seo."

Bhí lucht idirbheartaíochta de chuid na hIaráine le bualadh le toscaireacht Mheiriceánach - faoi cheannasaíocht Leas-Uachtarán Mheiriceá, JD Vance - Dé Sathairn le páirt a ghlacadh i gcainteanna síochána díreacha den chéad uair ó thús an chogaidh.

Ach ní léir go bhfuil Caolas Hormuz oscailte arís ag an Iaráin. Tá géarchéim fuinnimh ar fud an domhain de bharr a dúnta agus deir an Iaráin nach bhfuil aon mhargadh ann ar chor ar bith má leanann Iosrael ar aghaidh lena n-ionsaithe ar an Liobáin.

A high-angle satellite view showing the Strait of Hormuz,
Tá athoscailt Chaolas Hormuz idir dhá cheann na meá

Tarraingíodh an Liobáin isteach sa chogadh ar 2 Márta, nuair a thosaigh Hezbollah ag scaoileadh roicéad le hIosrael, mar dhíoltas i ndiaidh do na Stáit Aontaithe agus Iosrael Ardcheannasaí na hIaráine, Ayatollah Ali Khamenei, a mharú san Iaráin ar 28 Feabhra.

Díreach i ndiaidh don sos cogaidh a bheith fógartha Dé Máirt, d'fhógair Príomhaire Iosrael, Benjamin Netanyahu, nach raibh an Liobáin mar chuid de. Agus inné, d'aontaigh na Stáit Aontaithe leis sin, ag rá gur "troid éagsúil" é an cogadh sa Liobáin.

Ach deir an Iaráin agus an Phacastáin, a bhí mar idirghabhálaí sna cainteanna ag druidim leis an sos cogaidh, go raibh an Liobáin, go soiléir, le bheith clúdaithe faoi.

Deir an Bhreatain agus an Fhrainc agus go leor comhghuaillithe eile de chuid na Stát Aontaithe gur chóir don Liobáin a bheith mar chuid den sos cogaidh.