Tá sé ráite ag Príomhaire Iosrael, Benjamin Netanyahu, go bhfuil sé sásta tús a chur le cainteanna síochána idir Iosrael agus an Liobáin. Dúirt sé go ndíreofar ar dhí-armáil Hezbollah le linn na gcainteanna sin.
"I bhfianaise na n-éileamh ar fad atá déanta ag an Liobáin tús a chur le cainteanna díreacha, tá ordú tugtha agam inniu don chomhaireacht tús a chur le hidirbheartaíocht dhíreach chomh luath agus is féidir", a dúirt sé.
"Tá sé mar aidhm againn go n-éireoidh Hezbollah as airm agus go mbeidh caidreamh síochánta idir Iosrael agus an Liobáin feasta."
Rinne Iosrael ionsaithe úra ar an Liobáin inniu, i ndiaidh dóibh 250 duine a mharú sa tír sin inné. Cuireann na hionsaithe seo an sos cogaidh a fógraíodh idir an Iaráin agus na Stáit Aontaithe Dé Máirt idir dhá
cheann na meá, mar deir an Iaráin nach mbeidh siad sásta Caolos Hormuz a fhágáil ar oscailt fad is atá Iosrael ag leanúint lena n-ionsaithe ar an Liobáin.
Beidh cainteanna síochána díreacha ar siúl den chéad uair ó thús an chogaidh idir Meiriceá agus an Iaráin sa Phacastáin sna laethanta amach romhainn. Bhí beartais slándála á gcur i bhfeidhm i bpríomhchathair na Pacastáine, Islamabad, inniu, ag druidim leis na cainteanna sin.
díreacha idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin
Tá ceantar trí chiliméadar thart timpeall Óstán Serena dúnta síos ag na fórsaí slándála. Dúradh le haíonna atá ag fanacht san ostán sin seiceáil amach go dtí Dé Domhnaigh, mar go bhfuil iarratas déanta an t-óstán a úsáid le haghaidh "ócáid speisialta."
Ach níl aon chomhartha go fóill go bhfuil an Iaráin ag oscailt Chaolas Hormuz.


