Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An rialtas le bualadh le hionadaithe an lucht agóide

10 AIBREÁN 2026, 09:11

Mótorbhealach an M4 faoi imshuí ag feithiclí móra arís inniu
X Facebook

Tá an rialtas le bualadh le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar an lucht agóide, a bhfuill infreastruchtúr agus bóithre ar fud na tíre curtha faoi imshuí acu le ceithre lá anuas. Baineann a n-agóid leis an ardú atá tagtha ar phraghsanna breosla.

Beidh an cruinniú ar siúl ar ball.

Seacht n-eagraíocht a mbeidh an rialtas ag bualadh leo, ionadaithe na bhfeirmeoirí agus na n-iompróirí ina measc.

Deir an lucht agóide go bhfuil siad ag iarraidh a bheith i láthair ag an gcruinniú seo freisin.

People attend a protest at Galway Port, surrounding a barrell with fire burning
An lucht agóide ag an gcalafort i nGaillimh

Deir Bonneagar Iompar Éireann (TFI) go bhfuil go leor mótorbhealach agus bóithre náisiúnta dúnta ar fud na tíre, nó tá moill mhór ar an trácht orthu. "Tá curtha isteach ar an ngréasán boithre i gContae an Chláir, i gCill Dara, i Gaillimh, Corcaigh agus Baile Átha Cliath", a dúradh i ráiteas. Tá léarscáil ag TFI ar a suíomh idirlín ar a léirítear an mhoill ar thrácht ar fud na tíre.

I mBaile Átha Cliath, tá Mótorbhealach an M50, ag dul ó thuaidh, dúnta arís ag an áit go dtaganna an M50 agus an M1 le chéile. Tá Mótorbhealach an M4 dúnta i Léim an Bhradáin agus tá an M18 ag dul ó dheas dúnta in áiteanna freisin.

Tá Sráid Uí Chonaill fós faoi imshuí ag feithiclí móra.

Agus tá infreastruchtúr tábhachtach faoi imshuí go fóill freisin, scaglanna agus stáisiúin bhreosla, cuir i gcás.

Traffic delays on the M50
Mótorbhealach an M50 i mBÁC ar maidin

Tá na Gardaí i mbun cainteanna leis an lucht agóide ag Scaglann Ola an Gheata Bháin i gCorcaigh.

Tuairiscítear go bhfuil Calafort na Gaillimhe blocáilte ag thart ar dhá scór agóideoir.