Tá gaotha láidre agus báisteach throm tuartha in ocht gcontae agus rabhadh aimsire Stádas Buí eisithe.
Tháinig rabhadh báistí i bhfeidhm i gCorcaigh, i gCiarraí agus i bPort Láirge ag 9am agus beidh sé i bhfeidhm go dtí 9pm anocht. Tá fainic curtha ar an bpobal go bhféadfadh áiteanna áirithe a bheith faoi uisce sna contaetha sin, agus rabhadh tuilte eisithe. Beidh coinníollacha tiomána dúshlánach, a deir Oifig na hAimsire.
Tá rabhadh gaoithe Stádas Buí eisithe do Dhún na nGall, Gaillimh, Maigh Eo, Sligeach agus Liatroim. Tiocfaidh sé sin i bhfeidhm ag meánlae agus tiocfaidh sé chun críche ag 9pm anocht.
Tá fainic curtha ar an bpobal sna háiteanna sin a bheith ar a n-airdeall faoi chrainn a bhfuil damáiste déanta dóibh mar tá baol ann go bhféadfadh na brainsí titim go talamh.


