Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Agóidí na maidne ar mhórbhóithre imithe anois

13 AIBREÁN 2026, 11:42

Moill ar thrácht inné ag an gCill, Co. Chill Dara
X Facebook

Deir Bonneagar Iompair Éireann go raibh agóidí ar roinnt bóithre ag cur moill ar thurais áirithe, ach nach raibh na hagóidí i ngar do leibhéal na seachtaine seo caite.

Ar maidin inniu, bhí an M9 dúnta go hiomlán ag Acomhal 3

Bhí brú tráchta ar an M1 ó dheas idir Acomhail 12 agus 9, idir Dún Léire agus Droichead Atha.

Bhí cuid den M3 idir Acomhal 11 agus 9 idir Ceannanas ag an Uaimh dúnta sa dá threo

Ar an M7 ar maidin bhí moilleadóireacht ar bun ag an mbealach isteach chuig Bóthar an Mhíle Fhada ach d'éirigh le Gardaí é sin a mhaolú.

Bhí moilleadóireacht ar bun ar an N28 idir Chorcaigh agus Rinn na Sceide.

De réir Bhonneagar Iompair Éireann, tá na heachtraí sin críochnaithe anois. Tá an lérscáil bheo ar fáíl ar www.tii.ie

TII traffic
Léirscáil TII ag taispeáint go bhfuil na hagóidí críochnaithe

Deir TII go bhfuil rudaí ag athrú i rith an lae, agus d'iarr sé ar dhaoine na himill chrua ar a choinneáil ar oscailt ar mhaithe le feithiclí agus turais éigeandála.