Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Vóta mímhuiníne ag tarraingt plé ar dhá thaobh na Dála

13 AIBREÁN 2026, 12:25

John Connolly TD, Gaillimh Thiar ar a shlí isteach chuig crunniú de pháirtí pairliminte Fhianna Fáil
X Facebook

Beidh vóta mímhuiníne sa Rialtas i dTeach Laighin san oíche amárach.

Cé go meastar go mbeidh an lá ag an Rialtas, is léir gur bhain agóidí agus imshuite le seachtain siar as páirtithe an Rialtais agus na neasmhpleáigh a thacaíonn leo.

Tá beirt díobh sin, Gillian O'Toole ón Mhí Thoir agus Danny Healy-Rae as Ciarraí diúltú fós a dheimhniú cé mar a chaithfidh siad a vóta. Deir Healy-Rae go bhfuil an-fhearg ar dhaoine agus go gcreideann siad go bhfuil an Taoiseach gearrtha amach uathu.

Níl a fhios fós cé mar a vótálfaidh Barry Heneghan, Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh.

Beidh cruinniú ag an nGrúpa Réigiúnach Neamshpleách tráthnóna, ach tuigtear go bhfuil an cúigear airí sóisearacha ag tacú leis an Rialtas. As féin amháin, thabharfadh sé seo an Rialtas slán.

Ach beidh cur agus cúiteamh taobh istigh de pháirtithe an Rialtais. Agus Teachtaí Dála agus Seanadóirí ag teacht don chruinniú den Pháirtí Pairliminte inniu, ba léir go raibh siag ag tabhairt aiseolas agus tuarirmí láidre ó na toghcheantair.

Dúirt John Connolly, Gailimh Thiar go raibh sé díomhách an chaoi ar thit an rud ar fad amach agus an chaoi ar láimhseáladh ón tús é. Caithfear a cheistiú, a deir sé, céard a d'fhéadfadh bheith níos fear agus céard is féidir a fheabhsú inár gcumarsáid leis an bpobal.

Dúirt Peter Cleere TD as Ceatharlach-Cill Chainnigh go raibh frustrachas ann faoin gcaoi ar láimhseáil an Rialtas cúrsaí an tseachtain seo caite, agus go raibh dúshláín go leor le réiteach.

Labhair go leor daoine leis, a dúirt sé, atá á rá go bhfuil a slí bheatha i gcontúirt, eolas a bheidh sé á thabhairt ar ais chuig a pháírtí.

Dúirt Sinn Féin gur léir nach bhfuil an Rialtas sásta go fóill na céimeanna is gá a ghlacadh le breosla a dhéanamh inacmhainne do dhaoine. Seasann an páirtí le gnáthdhaoine fud fad na tíre, deir sé ina n-agóid in aghaidh phraghasanna arda bhreosla.

Agóidí faoin gcostas maireachtála chomh maith le breosla a bhí ann a dúirt sé. B'éigean do dhaoine, a deir Pearse Doherty, na sráídeanna a thabhairt orthu féin de bharr failí an Rialtais. Anuas air sin, mhaslaigh an Rialtas iad agus bhagair siad an tArm orthu agus dhiúltaigh labhairt le daoine, a dúirt sé.

Deir ceannaire Éire Neamhspleách nach raibh an léamh ceart ag an Rialtas ar chúrsaí trí seachtaine ó shin, agus ní chuirfidh na beartais atá fógartha aon phingin i bpóca na ndaoine.

Dúirt Michael Collins to dtacaíonn sé le hagóidí síochánta na seachtaine seo caite, a bhí ann leis an Rialtas a mhúscailt.