Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Ardú 8% ar an mbairille ola roimh imshuí SAM ar Chaolas Hormuz

14 AIBREÁN 2026, 11:17

X Facebook

Léim praghas an bhairille ola 8% inniu, os cionn $102 anois, roimh imshuí na Stát Aontaithe ar Chaolas Hurmuz. Tá cabhlach Mheiriceá ag ullmhú anois le srian a chur ar longa isteach agus amach as an gCaolas, rud a imreoidh tionchar ar easportálacha ola na hIaráine.

Mhaigh an tUachtarán Trump inné go ngabhfadh an Cabhlach i mbun imshuí ar Chaolas Hurmuz, ag adú leis an teannas a d'éirigh tar éis do chainteanna idir an Iaráin agus na Stáit Aontaithe críochnú gan aon chomhaontú.

D'admhaigh Donald Trump go bhféadfadh praghasanna ola agus peitril fanacht ard chomh fada ar aghaidh le toghcháin lárthéarma na Stát Aontaithe mí na Samhna, rud a chuirfeadh as do sheans an Pháirtí Phoblachtánaigh suíocháin a choinneáil i dTeach na Comhdhála agus sa Seanad.

Táthar ag súil le tús bheith curtha leis na imshuí níos deireanaí inniu.

Dúirt US Central Command ar phostáil ar X inniu go gcuirfear an t-imshuí i bhfeidhm 'gan chlaonadh' ar gach soitheach ag déanamh ar calafoirt san Iaráin nó ag teacht astu, is cuma cé as do na longa sin.

Mhaigh an postáil nach gcuirfí aon srian taistil sa chaolas ar aon soitheach nach bhfuil ag triall ar chalafoirt na hIaráine

Ach gheall Gardaí Réabhlóide na hIaráine go mbreathnófaí ar aon soitheach míleata ag déanamh ar Chaolas Hurmuz mar shárú ar an sos cogaidh, agus go pléifí leo "go géar agus go láidir".

Idir an dá linn, tá grúpa na dtáirgeoirí ola, OPEC, ag rá anois go dtitfidh an t-éileamh domhanda ar ola de 500,000 bairille sa lá, de bharr an chogiadh as Mheán Oirthear.

Tá roinnt olltaincéirí ola ag seachaint an chaolais cheana féin sula dtiocfaidh an t-imshuí i bhfeidhm.

Ach d'fhógair an Araib Shádach inniu go raibh an píobline Soir-Siar ón tír sin, a ndearnadh dochar dó ó rinne na Stáit Aontaithe agus Iosrael a n-ionsaí ar an Iaráin, ag feidmhniú mar is ceart arís ag cur seacht milliún bairille tríd an bpíopa gach lá.