Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

An t-amhránaí mór le rá Moya Brennan tar éis bháis

14 AIBREÁN 2026, 09:04

Moya Brennan 1952-2026
X Facebook

Tá an t-amhránaí cáiliúil as Gaeltacht Dhún na nGall Moya Brennan tar éis bháis. Bhí sí 73 bliain d'aois agus bhí sí tinn le tamall.

Bhain Máire Ní Bhraonáin cáil amach ar an chéad dul síos mar phríomhamhránaí agus mar chláirseoir leis an ghrúpa Clannad as Dobhar i nGaoth Dobhair.

Ba í Máire an duine ba shine de naonúr clainne – Clannad – a chuaigh leis an cheol go dáiríre ó 1970.

Chuir sí féin, a deirfiúr Eithne (Enya) agus a deartháireacha na milliúin faoi gheasa lena leaganacha nua-aimseartha ar cheoltaí Gaeilge sular thug siad faoin stáitse idirnáisiúnta agus faoi amhráin Bhéarla.

Ba é a n-amhrán Gaeilge féin a thaifead siad faoi choinne na sraithe teilifíse Harry's Game i 1982 a chuir in aithne iad don saol mór taobh amuigh d'Éirinn.

"Imeoidh soir is siar, a dtáinig ariamh, an ghealach is an ghrian ... " – cuid suntais na liricí sin agus guth draíochtúil Mháire in éineacht.

rish traditional/folk group Clannad perform 'An Pháirc' in the ninth National Song Contest, the competition to select a song to represent Ireland in the Eurovision Song Contest, during a dress rehearsal in RTÉ Television's Studio 1 on 25 February 1973. Singer Máire Ní Bhraonáin (Moya Brennan) is in
Clannad, 1973

Ó bhí Mháire ina girseach bheag bhí sí ag gabháil cheoil sa bhaile lena máthair Máire Ní Dhúgáin, níos moille i hallaí damhsa agus i dteach tábhairne a hathar, Leo Brennan, agus i ngeamaireachtaí áitiúla I nGaoth Dobhair.

I bhfad ina dhiaidh sin, thaifead sí ceol i gcuideachta roinnt de mhóroirfidigh a linne, leithéidí Bono agus Shane MacGowan.

25 albam san iomlán a thaifead sí – le Clannad agus ina haonar – agus díoladh 20 milliún acu.

I mBliain na Mílaoise, cheol sí a hamhrán Perfect Time ar Lá Domhanda na hÓige sa Róimh os comhair an Phápa Eoin Pól II agus dhá mhilliún oilithreach.

Tá a guth le cluinstin fosta ar scannáin mhóra mar Titanic, King Arthur agus To End All Wars.

Ó 2007, sheinn Moya sa ghrúpa ban T with the Maggies le Mairéad Ní Mhaonaigh agus Maighread agus Tríona NÍ Dhomhnaill. Ó 2013 phill sí ar cheol na cláirsí le buíon úr traidisúnta.

LONDON, UNITED KINGDOM - MARCH 20: Moya Brennan of Clannad performs on stage at O2 Shepherd's Bush Empire on March 20, 2013 in London, England. (Photo by C Brandon/Redferns via Getty Images)
An cláirseoir chomh sásta le píobaire!

Ba mhinic a bhronn Moya a bua féin ceoil in aisce ar lucht cúise agus ar chumainn charthanachta a bhí gar dá croí, teaghlaigh thubaiste an Chraoslaigh ina contae féin ina measc.

In 2023, bronnadh Gradam Phearsa Dhún na nGall ar Mháire agus an bhliain dar gcionn bhronn Comhairle Contae Dhún na nGall saoirse an chontae uirthi féin agus ar Chlannad as a raibh déanta acu ar son an cheoil agus na Gaeilge.

Maireann a fear céile agus a bainisteoir Tim Jarvis agus a mbeirt chlainne Paul agus Aisling.

' />