Caithfear vóta i nDáil Éireann trathnóna inniu ar rún mímhuiníne sa Rialtas a cuireadh síos i bhfianaise na n-agóidí móra faoi chostas breosla a tionóladh ar fud na tíre le seachtain.
Is iad Sinn Féin a mhol an rún a bhfuil páirtithe eile freasúra ag tacú leis.
Triúr Teachtaí Dála Neamhspleácha a thacaíonn leis an Rialtas de ghnáth – Gillian Toole, Barry Heneghan agus Danny Healy-Rae – tá sé tugtha le fios acu go bhfuil siad féin míshásta leis an dóigh a ndeachaigh an Rialtas i ngleic leis na hagóidí chomh maith leis an údar a bhí leo.
Is é is dóichí nach rithfear an rún ach is deis atá ann ag an bhfreasúra agus ag an Rialtas araon an chúis a phlé os comhair an phobail.
Tar éis am lóin a chuirfear tús leis an díospóireacht, nó leis an aighneas, a bhfuil dhá uair an chloig go leith leagtha amach lena aghaidh.
Níos deireanaí tráthnona, vótálfaidh an Dáil ar na beartais airgeadais atá molta ag an Rialtas chun costas breosla a ísliú.
Braon ar bhraon, tá na humair á líonadh an athuair sna mílte stáisiún breosla a bhí fágtha dá uireasa nó ar an ngannchuid mar gheall ar na léirsithe.
Mar sin féin, creidtear go mbeidh thart ar 450 stáisiún breosla tirim fós faoi dheireadh an lae.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


