Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Dáil Éireann: vóta muiníne buaite ag an Rialtas

14 AIBREÁN 2026, 16:59

An Taoiseach Micheál Martin ag labhairt le linn na díospóireachta i nDáil Éireann
X Facebook

I nDáil Éireann, bhuaigh an Rialtas a vóta muiníne féin agus tháinig siad slán ó rún mímhuiníne bhí curtha síos ag Sinn Féin agus ar thacaigh páirtithe eile an fhreasúra leis.

Is 92 Teachta Dála a vótáil ar son rún an Rialtais agus 78 ina aghaidh.

Sa díospóireacht roimh an vóta, dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go raibh sé in am olltoghchán a ghairm i bhfianaise an chaoi ar láimhseáil an Rialtas na hagóidí náisiúnta faoi chostas breosla.

Óna thaobh féin de, más ea, ní raibh aon ghlacadh ag an Taoiseach Micheál Martin leis an maíomh nach raibh an Rialtas ag cuidiú le daoine atá buailte ag an ngéarchéim breosla.

Michael Healy-Rae
Michael Healy-Rae

Ina dhiaidh sin, d'fhógair an tAire Stáit Michael Healy-Rae go raibh sé chun éirí as an Rialtas mar gheall, a dúirt sé, nach raibh dáimh ag an gComhaireacht leis an bpobal níos mó.

Thug sé le fios nach bhféadfadh sé ina chroí istigh vótáil ar son rún muiníne an Rialtais.

Dhearbhaigh Michael Healy-Rae gurbh iad na hagóidí faoi chostas breosla agus an chaoi ar láimhseáil an Rialtas iad, gurb iad ba shiocair lena chinneadh éirí as oifig.

Fir fhásta ag caoineadh os comhair an tsaoil faoina gcruachás, ba é sin buille na tubaiste chomh fada agus a bhain sé lena ról féin sa Rialtas, arsa sé.

Cháin sé an Taoiseach faoi uasal le híseal a dhéanamh ar dhaoine sa chaint a rinne Micheál Martin sa Dáil níos luaithe.

Teachta Dála Neamhspleách as Ciarraí is ea Michael Healy-Rae ar Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta é go dtí inniu.

Is Teachta Dála Neamhspleách a dheartháir Danny Healy-Rae chomh maith agus vótáil sé féin in aghaidh an Rialtais leis.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ