Tugadh beirt fhear os comhair Chúirt Dúiche Dhroichead Átha ar maidin inniu agus iad cúisithe i dtiomáint go contúirteach ar mhótarbhealach an M1 i ndiaidh agóid faoi chostas breosla a bhí ar siúl ansin inné.
Sin iad Aaron Goss, 22 bliain d'aois, as Baile Mhic Eileoid, Gleann na bhFiach, i gCo Lú agus Ryan Quinn, 29 bliain, as Log an Choire i gCo Ard Mhacha.
Cuirtear i leith na beirte fear go raibh siad ag tiomáint go contúirteach ar an mótarbhealach i mBaile Uí Bhragáin, Baile an Ghearlánaigh, go gairid roimh 7 a chlog tráthnóna inné.
Dúradh sa chúirt nach gcuirfeadh na Gardaí in aghaidh an bheirt a scaoileadh saor ar bannaí faoi réir coinníollacha áirithe.
Ceadaíodh bannaí do na cúisithe agus tá siad le tabhairt os comhair na cúirte arís ar an 11 Bealtaine.
Chuir lucht tacaíochta na bhfear fáilte rompu nuair a tháinig siad amach as teach na cúirte.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


