Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Caolás Hormuz dúnta arís ag an Iaráin

18 AIBREÁN 2026, 16:10

(pictiúir chartlainne)
X Facebook

Tá Caolas Hormuz dúnta arís ag an Iaráin, achar gearr tar éis do na chéad tancaeir ola dul trasna an chaolais i gconbhua inniu, an chéad uair a chonacthas longa ag gluaiseacht tríd an uiscebhealach tábachtach seo ó thosaigh na SAM agus Iosrael a n-ionsaí ar an Iaráin seacht seachtaine ó shin.

Gás peitriliam leachtaithe, no LPG a bhí ar iompar ar na longa ba thúisce a thug faoin gCaolas i gceantar mara atá faoi smacht na hIaráine.

Ach dúirt an Iaráin ar maidin go raibh smacht dian míleata á chur ar ais ar an gcaolas agus go raibh an chabhlach ansiúd réidh lena 'naimhde a chloí' an athuair.

Is cosúíl gur freagra ar an mbeart is deireanaí seo ó Tehran ar an imshuí atá na SAM a dhéanamh ar chalafoirt agus ar loingis de chuid na hIaráine timpeall an Chaolais.

Deir dhá long lastais gur scaoileadh urchair leo agus iad ag iarraidh dul tríd an gCaolas, go gairid tar éis fhógra na hIaráíne ar maidin.

D'oscail an Iaráin an Caolas tar éis sos comhraic bheith fógartha idir Iosrael agus an Liobáin Déardaoin.Tháinig laghdú ar phraghas an ola dá bharr, ach tá faitíós anois ann go gcuirfear an laghdú sin ar neamhní tar éis an chor is deireanaí seo.

Roimh chogadh an 28 Feabhra, chuaigh 20% de thrádáil ola na cruinne tríd an gCaolas agus tá iarrachtaí ar bun go tréan ar fud na cruinne an trácht a atosú le géarchéim fuinnimh idirnáisiúnta a sheachaint.

Tá na milte maraithe sa chogaíocht ó shin, tá an chogaíocht scaipthe chuig an Liobáin anois, agus tá praghanna ola ardaithe go mór ó shin.

Níltear chomh dóchasach ach oiread faoi chainteanna a bheith curtha ar bun arís idir SAM agus an Iaráin. Theip ar chainteanna na seachtaine seo caite teacht ar aon phlean chun socrú a bhaint amach.

Ar arm núicleach a choinneáil ón Iaráin atá an tUachtarán Trump a dhíriú, a deir sé inné, agus go mbainfeadh Meiriceá a stór úráinium saibrithe den Iaráin.

Ach dúirt sé freisin go raibh 'dea-scéala' aige faoin Iaráin agus go raibh rudaí 'ag dul go maith sa Mheán Oirthear leis an Iaráin'.

Ach mhaigh sé chomh maith go bhféadfadh an sos cogaidh leis an Iaráin teacht chun deiridh roimh a spriocam Dé Céadoin mura mbeidh socrú fadtéarmach ann roimhe sin a chuirfeadh deireadh leis an gcogadh.