Is le linn an chéad turas thar sáile a fhágann Uachtarán nua a lorg féin ar an Uachtaránacht.
Tá nós seanbhunaithe ann faoi tráth seo. In 2014, ba é Michael D. Higgins an chéad Uachtarán de chuid na hÉireann a thug cuairt oifigiúil ar an Ríocht Aontaithe. Cloch mhíle shiombalach ba ea an ócáid sin sa chaidreamh idir Éirinn agus an Bhreatain.
In 1992, sheas an tUachtarán Mary Robinson an fód in aghaidh Rialtas na hÉireann, a bhí glan i gcoinne na cuairte a thug sí ar an tSomáile, a bhí buailte go trom ag gorta agus ag triomach. Teachtaireacht láidir a bhí ann ón Uachtarán, nár ghéill nuair ba ghá seasamh ar son an chirt agus in aghaidh na héagóra.
Ráiteas láidir ann féin ba ea é , mar sin, gur i mBarcelona ag an gCruinniú um Chosaint an Daonlathais a chaith an tUachtarán Catherine Connolly an deireadh seachtaine, timpeallaithe ag Ceannairí Domhanda na heite clé. Ba é Pedro Sanchez, Príomh-Aire na Spáinne, a thug le chéile iad, an Ceannaire Eorpach atá tar éis an cáineadh is géire a dhéanamh le déanaí ar Uachtarán na Stát Aontaithe, ar Iosrael agus ar an gcogadh san Iaráin.
Bhí comhghuaillíocht á bunú, ba léir, fronta nua na heite clé, idir Meiriceá Theas agus an Eoraip, atá meáite ar bhorradh na heite deise a mhaolú. Cuireadh síos ar an ócáid mar chomhdháil "frith-MAGA."
Ba dheacair é sin a shéanadh.
Bhí Cyril Ramaphosa i láthair, Uachtarán na hAfraice Theas, a chuir Iosrael go dtí an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta dhá bhliain ó shin agus cinedhíothú curtha ina leith. Anuraidh, agus é ar cuairt sa Teach Bán, rinne an tUachtarán Trump luíochán air agus chuir ina leith, gan fianaise, go raibh géarleanúint á déanamh aige ar phobal geal na hAfraice Theas.
Thug Uachtarán na Colóime, Gustavo Pedro, rabhadh láidir do na Stáit Aontaithe, go bpléascfadh "réabhlóid" i Meiriceá Laidineach mura gcúlódh Rialtas Trump ón bpolasaí ionsaitheach acu.
Ach, ba é Luiz Inácio Lula da Silva, Uachtarán na Brasaíle, a chuir an lasair sa bharrach ina óráid féin, a rinne diancháineadh ar an gcúig thír atá mar bhaill sheasta ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, a bhíonn á n-iompar féin mar "Impirí" agus mar "Thiarnaí Cogaíochta." Na tíortha is boichte, a dúirt sé, is mó a bhíonn ag fulaingt agus sárchumhachtaí an domhain i mbun cogaíochta.
Fad is a bhí comhghuaillíocht na heite clé á daingniú i mBarcelona, bhí ceannairí na fíor-eite deise ag teacht le chéile in Milan ar chuireadh Matteo Salvini, Ceannaire an Pháirtí Náisiúnaigh agus Leas-Phríomh-Aire na hIodáile.
Tá an dá champa deighilte.
Ach an bhfuil gné láidir pholaitiúil ag baint le cinneadh an an Uachtaráin Connolly freastal ar chomhdháil Barcelona?
Tá sé curtha i leith Rialtas na hÉireann sa Dáil go bhfuil siad tar éis a bheith seachantach maidir leis an gcogadh san Iaráin. Cé go bhfuil béim leagtha ag an Taoiseach ar thábhacht na Náisiún Aontaithe mar fhórsa síochána, níl sé aitheanta aige go bhfuil ionsaithe na Stát Aontaithe agus Iosrael ar an Iaráin mídhleathach de réir an dlí idirnáisiúnta.
Tá Uachtarán na hÉireann, áfach, tar éis an Stát a thabhairt chuig croílár ghluaiseacht na frithchogaíochta, in aon champa leo siúd nach rachaidh riamh ar chúl scéithe lena gcuid tuairimí.


