Deir Roinn Gnóthaí Eachtracha na hIaráine nach bhfuil cinneadh déanta fós acu faoi a ghabháil nó gan a ghabháil ag an gcéad bhabhta eile cainteanna leis na Stáit Aontaithe sa bPacastáin.
Dúirt urlabhraí na Roinne Esmaeil Baqaei nach raibh Meiriceá "i ndáiríre" faoin taidhleoireacht agus go bhfuil an sos comhraic a haontaíodh beagnach coicís ó shin "sáraithe níos mó ná uair amháin ag Washington".
Mar léiriú a deir an Roinn air sin, d'ionsaigh Fórsaí na Stát Aontaithe long lastais de chuid na hIaráine ar maidin; tá imshuí ar bun ag an gCabhlach ar chalafoirt de chuid na hIaráine; agus tá moill curtha ar shos comhraic a chur i bhfeidhm sa Liobáin.
Tá Tehran tar éis a rá gur scaoil siad dróin le soithigh de chuid na Stát Aontaithe inné tar éis do scriostóir de chuid na Meiriceánach scoileadh le long de chuid na hIaráine - an Touska - agus ansin an long a ghabháil.
Gan fanta ach cúpla lá den sos a réitíodh in Islamabad, bhí sé ráite ar dtús ar maidin ag meáin an rialtais san Iaráin nach raibh sé i gceist leanacht leis na cainteanna i bpríomhchathair na Pacastáine, fiú agus an tUachtarán Trump ag fógairt go raibh toscaireacht seolta aige féin.
Tá foinsí Stáit gan ainm ag rá leis na háisíneachta nuachta Fars agus Tasnim nár mhór do Chabhlach Mheiriceá an imshuí ar muir a chuir ar ceal mar choinníoll ar chainteanna ar bith tosnú an athuair.
Ó d'ionsaigh Iosrael agus Meiriceá an Iaráin an 28ú Feabhra, tá an brú ag méadú ar Trump deireadh a chur leis an gcogaíocht, go háirid ó dhún an Iaráin Caolas Hormuz a chur bac ar an gcúigiú cuid d'ola agus de ghás na cruinne a sheoladh thar sáile, rud atá tar éis costas an bhreosla a ardú as cuimse.
D'oscail an Iaráin an Caolas ar feadh tamaill deireadh na seachtaine seo caite nuair a fógraíodh sos comhraic idir Iosrael agus Hezbollah sa Liobáin, ach dhún siad arís an bealach-mara de bharr imshuí na Stát Aontaithe.
Tá fórsaí slándála na Pacastáine le feiceáil go tréan ar na sráideanna agus Washington ag rá go mbeidh toscaireacht faoi cheannas an LeasUachtaráin JD Vance, i gcuideachta taidhleoir Trump Steve Witkoff agus fear céile iníon an Uachtaráin Jared Kushner, in Islamabad fós anocht.
Deir an tUachtarán go bhfuil Meiriceá ag iarraidh margadh a dhéanamh leis an Iaráin le ghabháil isteach sa tír "le tochailteoirí agus a gcuid úráiniam a thabhairt chun bealaigh".
Meastar go bhfuil 440 kg den ábhar ag an Iaráin, gan a ndóthain le airm a dhéanamh as, agus go bhfuil sé go domhain faoi smionagar faoi thalamh tar éis ionsaithe aeir de chuid Mheiriceá agus Iosrael.
Deir Rialtas na hIaráine "nach mbeidh an t-ábhar ag gabháil in áit ar bith" agus "nach bhfuil aon chaint ná idirbheartaíocht faoina leithéid".


