Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Deis srian ama a chur ar ghasúir fógartha ag YouTube

20 AIBREÁN 2026, 15:55

Ar aip YouTube beidh rogha nua
X Facebook

Tá feidhm nua smachta fógartha ag YouTube go mbeidh tuismitheoirí agus caomhnóirí in ann srian ama a chur ar an sruthú YouTube Shorts nó é a chasadh as uilig i gcuntas atá faoina maoirseacht.

San "ionad teaghlaigh" san aip is féidir an rogha ar an lear ama atá ceadaithe sa ló a dhéanamh, síos chomh fada le "0 nóiméad".

Nuair a bheidh an teorainn sroichte ag an ngasúr tiocfaidh teachtaireacht ar an scáileán ag rá go bhfuil deireadh leis an sruthú an chuid eile den lá.

"Ceannródaíocht sa tionscal é seo ó thaobh smacht tuismitheoirí" a d'fhógair an Dr Garth Graham, ceannasaí ar rannóg ar a bhfuil an teideal YouTube Health.

An mhí seo caite a tháinig breithiúnas ó ghiúiré i gcúirt i gCalifornia go raibh Google - ar leo YouTube - chomh maith le Meta (Facebook a bhíodh) freagrach as ardáin a dhearadh a spreagann andúile.

Tá an dá ollchuideachta domhanda i mbun achomhairc, Google ar an mbonn gur míthuiscint ba chúis leis an gcás cúirte "mar gur ardán sruthú tógtha go freagrach é YouTube, ní meán sóisialta".