Cosnóidh sé tuairim is $71 billiún Gaza a athógáil a deir Ceannasaí Gnóthaí Eachtracha an AE Kaja Kallas.
Ag labhairt sa mBruiséil inniu dúirt Kallas go dtagann an figiúr ó chomhráití le roinnt mhaith míonna idir an tAontas Eorpach, na Náisiúin Aontaithe agus Banc an Domhain.
Tá an tAE faoi láthair i mbun comhdhála le grúpa tíortha atá ag tacú le 'socrú an dá-stát' san MeánOirthear agus i mbun comhdhála eile le deontais a chruinniú.
Tar éis di cruinniú a bheith aici tráthnóna leis an bPríomhAire ar Údarás na Palaistíne Mohammed Mustafa dúirt an Ceannasaí Gnóthaí Eachtracha "cloisim go minic é curtha inár leith nach dtugann muid cothrom na féinne, go seasann muid leis an Úcráin ach nach seasann muid leis na Palaistínigh.
Bíodh sé seo an-soiléar: Sí an Eoraip is mó a thacaíonn leis na Palaistínigh. Is as an Eoraip a thagann an maoniú mór d'Údarás na Palaistíne. Tá misin de chuid na hEorpa ag obair ann, ag cuidiú le póilíní na Palaistíne, leis na cúirteanna, leis an rialachas agus le bainistiú teorann.
Níl aon chrann taca níos láidre ar domhan ag na Palaistínigh ná an Eoraip".
Athbhreithniú iarrtha ag Éirinn ar Shocrú Comhcheangail an AE agus Iosrael le plé ag Airí amárach
Thug Kallas le fios freisin go bpléifidh Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais ag cruinniú i Lucsamburg amárach rún atá curtha chun cinn le chéile ag Éirinn, an Spáinn agus an tSlóivéin ag éileamh athbhreithniú ar Shocrú Comhcheangail an AE agus Iosrael.
Ag an deireadh seachtaine a chur an tAire Helen McEntee comhlitir i dteannta Aire na Spáinne agus Aire na Slóivéine faoi bhráid an Cheannasaí Kallas ag iarraidh an athbhreithnithe mar gheall ar an ardú ar líon na n-ionsaithe atá á ndéanamh ag cóilínigh Iosraelacha ar an mBruach Thiar, mar gheall ar ionradh Iosrael ar an Liobáin, agus mar gheall ar an reachtaíocht i bParlaimint Iosrael (an Knesset) ag iarraidh go mbeadh pionós an bháis ar fáil le gearradh ar Phalaistíneach a chiontófaí i gcúirt mhíleata in ionsaí marfach a dhéanamh ar Iosraelach ar an mBruach Thiar.
Inné mhol PríomhAire na Spáine Pedro Sanchez go gcuirfí ar fionraí ar fad an Socrú, a rialaíonn cúrsaí tráchtála agus gach gaol eile atá ag an AE le Iosrael.
Nuair a ceistíodh Kallas faoi sin dúirt sí go bhfuil "an t-ábhar curtha ar an mbord ag ballstáit agus bheadh ar an Aontas a bheith ar aon ghuth faoin Socrú a chur ar fionraí".
"Mar a sheasann sé" a dúirt sí "tá beartais tráchtála ar an mbord freisin, agus is vótáil tromlaigh cháilithe a bheadh uathu sin".
Tá sé breis is 2 bhliain ó lorg Éirinn agus an Spáinn i gcuideachta athbhreithniú ar an Socrú ar an mbonn go raibh Iosrael ag sárú cearta daoine agus dlí idirnáisiúnta na daonnúlachta.
Ach theip ar an rún mar gur chuir an Ghearmáin, an Ungáir, an tSeicia agus tíortha eile ina aghaidh.
Cé gur glacadh ina dhiaidh sin le rún de chuid na hÍsiltíre "gur dóigh" go raibh cearta daoine á sárú ag Iosrael níor glacadh le rún an Socrú a chuir ar fionraí "le deis a thabhairt d'Iosrael" slite isteach go Gaza do chuidiú daonnúil agus fóirithinte a cheadú.


