Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Trádáil idir an tAontas Eorpach agus Iosrael le caibidil

21 AIBREÁN 2026, 13:59

An tAire Helen McEntee i Lucsamburg inniu
X Facebook

Tá an tAire Gnóthaí Eachtracha Helen McEntee ag iarraidh ar a comhairí i mballstáit eile an Aontais Eorpaigh comhaontú idir an tAontas agus Iosrael a chur ar fionraí, nó an chuid sin den chomhaontú a bhaineann le cúrsaí trádála ar an gcuid is lú de.

Tá na hairí leis an gcúis a phlé i gcruinniú i Lucsamburg inniu.

D'iarr Éire agus an Spáinn athbhreithniú a dhéanamh ar an gcomhaontú in 2024 ach chuir ballstáit atá fabhrach d'Iosrael ina aghaidh ag an am.

In athbhreithniú a rinneadh ar an gcomhaontú anuraidh, dúradh gur doichí go raibh a cuid oibleagáidí sáraithe ag Iosrael ó thaobh cúrsaí cearta daonna de de réir théarmaí an chomhaontaithe.

Níor cuireadh an comhaontú ar fionraí ag an am, ámh, mar gur gheall Iosrael tuilleadh soláthairtí daonnúla a ligean isteach in Gaza.

Breathnófar ar an ngné sin den scéal an athuair sa chruinniú inniu, go háirithe tar éis d'Iosrael pionós an bháis a thabhairt isteach agus cead a gcinn a thabhairt d'áitritheoirí antoisceacha sa Bhruach Thiar agus ionradh a dhéanamh ar an Liobáin arís.

Roimh an gcruinniú i Lucsamburg, dúirt Helen McEntee go gcaithfeadh na ballstáit seasamh le suáilcí bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ