Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Caolas Hormuz: éiginnteacht faoi chomhráite nua

21 AIBREÁN 2026, 09:00

Tancaer ag triall ar Chaolas Hormuz
X Facebook

Níl sé soiléir fós an gcuirfear tús as an nua le comhráite idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin maidir le sos comhraic sa Mheánoirthear.

Bhí ionadaithe ón dá thír le teacht le cheile sa Phacastáin féachaint le bonn níos láidre a chur faoin sos comhraic agus teacht ar chomhaontú faoi Chaolas Hormuz go háirithe.

Is é an muinceann uisce sin an chnámh mhór spairne, arae deir na hIaránaigh gur sárú ar an sos comhraic é an bac atá na Meiriceánaigh a chur ar longa seoladh tríd, gan trácht ar lastlong de chuid na hIaráine a bheith gafa acu.

I bpáirt leosan de, deir na Meiriceánaigh go bhfuil longa idirnáisiúnta sa chaolas á gcluicheadh ag fórsaí na hIaráine agus go bhfuil siad ag cur moille orthu d'aon ghnó.

Is trí Chaolas Hormuz a sheachadtar an cúigiú cuid de sholáthairtí ola an domhain agus an cúigiú cuid de ghás nádúrtha leachtaithe an domhain gach aon lá

Ar a shon son is uile, thug na Meiriceánaigh le fios go raibh Leas-Uachtarán na tíre JD Vance réidh le dul ar ais chun na Pacastáine i gcomhair comhráite nua ach an focal a fháil.

Thug na na hIaránaigh le fios, áfach, nach nglacfaidís páirt i gcomhráite mura mbeadh iontu ach cur i gcéill agus mura mbeadh ó na Meirceánaigh ach go stríocfaidís dóibh.

Tá comhráite le cur sa siúl freisin arú amárach faoi shos comhraic sa Liobáin, áit a bhfuil fórsaí míleata Iosrael ag déanamh scriosta.

Idir dhá linn, tá foláireamh tugtha ag na hIosraelaigh do theifigh sa Liobáin gan filleadh ar a mbailte i ndeisceart na tíre ós bearna bhaoil í an limistéar sin i gcónaí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ