Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Cás in aghaidh polasaí Gaeilge i mBéal Feirste caite amach

21 AIBREÁN 2026, 16:40

Éisteadh an cás faoin dréachtpholasaí Gaeilge san Ardchúirt i mBéal Feirste
X Facebook

Rialaigh an Ardchúirt i mBéal Feirste nach raibh dada mídhleathach ag baint le próiseas a chuir Comhairle Chathair Bhéal Feirste sa siúl maidir le dréachtpholasaí Gaeilge an údaráis áitiúil.

Níor ghlac an Breitheamh Paul McLaughlin leis an gcás a thug Ann McClure ó pháirtí an Traditional Unionist Voice a mhaígh gur sháraigh Comhairle Chathair Bhéal Feirste a modhanna imeachta féin agus a mbuanorduithe féin agus gur bhain siad an bhrí chontráilte as páirteanna d'Acht Rialtas Áitiúil Thuaisceart Éireann 2014.

Mar leis na buanorduithe sin, dúirt an breitheamh nach raibh siad ultra vires, is é sin dar leis nár sháraigh siad an t-acht.

Dúirt sé nach raibh gá le hathbhreithniú ar an vóta móraimh a caitheadh i bhfabhar an dréachtpholasaí Gaeilge in ainneoin gur éiligh 15% de chomhairleoirí athbhreithniú ar an mbonn, a dúirt siad, go ndéanfadh toradh an vóta "díobháil".

Ní ionadaí tofa í Anne McClure ach is ball sinsearach í den TUV i mBéal Feirste.

Chuir an dúshlán dlí a thug Ann McClure moill sé mhí ar pholasaí Gaeilge Chomhairle Chathair Bhéal Feirste agus thug sí le fios tráthnóna go n-iarrfadh sí achomharc faoin chás.

Mhaígh sí go raibh an polasaí Gaeilge ag tachtadh aontachtaithe na cathrach agus go raibh an próiseas lochtach.

Chuir an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge fáilte roimh an bhreithiúnas agus dúirt gur chóir an polasaí Gaeilge a chur i bhfeidhm gan a thuilleadh moille.

Coimisinéir Gaeilge Thuaisceart Éireann Pól Deeds, chuir sé féin fáilte roimh an bhreithiúnas fosta agus dúirt "[gur]cuid d'oidhreacht roinnte mhuintir uile Bhéal Feirste í an Ghaeilge agus [gur] chóir tacú lena cur chun cinn sa saol poiblí trí chéile, mar a éilíonn an tAcht Féiniúlachta agus Cultúir 2022."

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ