Tá sé deimhnithe ag an gCúirt Achomharc nach bhfoilseoidh an chúirt ainm an iarTheachta Dála a thug teistiméireacht charachtair ar son fear a bhí ina chomhairleoir rialtais tráth agus a ciontaíodh i dteacht i dtír gnéasach a dhéanamh ar bhuachaill trí bliana déag d'aois.
Ciontaíodh Daniel Ramamoorthy, 40 bliain d'aois, i dteacht i dtír gnéasach a dhéanamh ar an mbuachaill ag campa Críostaí do pháistí.
Gearradh téarma príosúin dhá bhliain agus ceithre mhí ar Daniel Ramamoorthy as an gcion ach rinne sé achomharc faoin bpianbhreith a bheith ródhian, dar leis.
An tseachtain seo caite, más ea, dhiúltaigh an Breitheamh John Edwards an t-achomharc agus dúirt gur cuid suntais é nár luaigh aon duine de na daoine a thug teistiméireacht charachtair ar son an chiontóra, nár luaigh siad an buachaill a d'fhulaing ná chomh holc agus a bhí an choir.
Dúirt an breitheamh freisin nach raibh glactha ag Daniel Ramamoorthy le freagracht as as an gcoir ná leis an gcaoi a ndeachaigh sé i gcion ar an mbuachaill.
Inniu, dúirt an Taoiseach Micheál Martin agus an Tánaiste Simon Harris araon gur cheart don iarTheachta Dála anaithnid a thug an teistiméireacht charachtair ar son Daniel Ramamoorthy teacht os comhair an phobail agus an scéal a mhíniú.
Dhearbhaigh an bheirt nach raibh a fhios acu cén t-iarTheachta Dála a bhí i gceist agus dúirt an Taoiseach raibh lá rúin aige géarleanúint a dhéanamh ar an duine sin.
Dúirt an Tánaiste go bhfiosródh sé an iarTheachta Dála ó Fhine Gael a bhí ann.
Dúirt sé freisin gur leasaíodh an dlí le gairid agus go gcaithfeadh daoine teistiméireacht charachtair a thabhairt faoi mhionn feasta.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


