Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Iasacht de €90 billiún don Úcráin le dearbhú go foirmiúil

22 AIBREÁN 2026, 11:55

Iasacht le tabhairt ar athiasacht don Úcráin
X Facebook

Tá an tAontas Eorpach le bailchríoch a chur gan a thuilleadh moille ar chomhaontú maidir le hiasacht de €90 billiún a thabhairt don Úcráin agus smachtbhannaí breise a chur ar an Rúis.

Cuireadh moill ar an bpróiseas roimhe seo mar go raibh ceann de na ballstáit, an Ungáir, ag cur ina aghaidh.

Tá Príomh-Aire na hUngáire Viktor Orbán fabhrach don Rúis ach tá príomh-aire nua le teacht ina áit, Péter Magyar, atá níos fabhraí don Aontas Eorpach.

Tá an iasacht ollmhór le tabhairt don Úcráin leis an tír sin a choinneáil ag imeacht as seo go ceann dhá bhliain agus í bánaithe ag an gcogadh atá an Rúis a chur uirthi.

Scéal casta atá ann ós amhlaidh a gheobhas an tAontas Eorpach féin airgead ar iasacht lena thabhairt ar athiasacht don Úcráin.

Dá mhéad é €90 billiún, áfach, meastar gur €135 billiún a theastaíonn ón Úcráin i ndáiríre.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ