Tá roinnt beartas seolta ag an gCoimisiún Eorpach chun dul i ngleic le daoirsiú fuinnimh ó chuir Meiriceá agus Iosrael cogadh ar an Iaráin dhá mhí ó shin.
Chomh maith leis an ngéarchéim a mhaolú anois, leagadh amach na beartais le dul i ngleic leis an scéal i bhfad na haimsire.
Chuige sin, tá rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair Stáit le maolú agus beidh cead ag na ballstáit airgead poiblí a chaitheamh le teacht i gcabhair ar an bpobal agus ar lucht gnó araon.
D'fhéadfadh na ballstáit, cuir i gcás, praghsanna a rialú, scéimeanna tacaíochta ioncaim a thabhairt isteach agus dreasachtaí éagsúla cánach a thairiscint.
B'fhéidir go mbeadh cead freisin cáin a ghearradh ar aon bhrabúis amhantair a dhéanfadh comhlachtaí soláthair fuinnimh.
Tá sé i gceist leis ciorruithe cánach ar leith a thabhairt isteach a mbeidh sé mar aidhm acu billí fuinnimh a ísliú.
I dteannta an duine mar chách, tá lucht dréachtaithe na mbeartas ag cuimhneamh ar ghnóthais bheaga agus mheánmhéide, agus ar chomhlachtaí a ídíonn go leor fuinnimh.
Áirítear €24 billiún breise a bheith caite ag an Aontas Eorpach ar iompórtálacha fuinnimh "gan oiread agus móilín breise fuinnimh a fháil as".
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


