Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Athbhreithniú ar ainm Mandela in Ollscoil na Gaillimhe

22 AIBREÁN 2026, 15:12

Bhronn Ollscoil na Gaillimhe céim oinigh ar Nelson Mandela in 2003
X Facebook

Le Méabh Ní Thuathaláin

Tá athbhreithniú á dhéanamh ag The Nelson Mandela Fondations ar ainm Nelson Mandela a bheith a úsáid ag Ollscoil na Gaillimhe mar gheall ar an "imní" atá ann faoin cheangal atá ag an ollscoil le hinsititiúid teicneolaíochta in Israel.

Deir an Fhondúirteacht idirnáisiúnta, a bhíonn ag obair in os cionn 130 tír ar fud an domhain, go bhfuil siad ag tabhairt faoin athbhreithniú "mar chuid den fhreagracht orainn ionracas agus oidhreacht Nelson Mandela a chosaint, an ról atá againn i dtaobh úsáid a ainm, a íomhá agus a mhaoine intleachtúla gaolmhara a bhainistiú"

Dúirt Fondúirteacht Nelson Mandela le 7LÁ, clár cúrsaí reatha ar TG4, gur bhain an t-athbhreithniú leis an "imní" atá ann faoi ainm Nelson Mandela a bhí in úsáid ag Ollscoil na Gaillimhe do "Ciste Nelson Mandela" agus Gradam Ceannaireaachta Nelson Mandela a bhronntar ar mhic as an obair a dhéanann siad i réimse na gcearta daonna.

An mhí seo caite, thug an bheirt deartháireacha, Dylan agus Shane O'Halloran, ar bhronn Ollscoil na Gaillimhe Gradam Nelson Mandela orthu, a ngradam ar ais mar bheart agóide i gcoinne an cheangail atá ag Ollscoil na Gaillimhe leis an institiúid Technion in Israel.

Bronnadh céim oinigh sa Dlí ar Nelson Mandela, iarUachtarán na hAfraice agus gníomhaí ar son na síochána, an daonlathais agus an chóir shóisialta, nuair a tháinig sé ar cuairt chun na hollscoile in 2003.

Mandela2

Tá Ollscoil na Gaillimhe i gceannas ar thogra Astericks, a bhfuil maoiniú beagnach €4 mhilliún faighte aige faoin chlár taighde chuid an Aontais Eorpaigh Horizon. Togra taighde a mbreathnaíonn ar na modhanna higrgin glas a bhaint ó uisce farraige atá ann, ina bhfuil 12 Insitiúid oideachtais ar fud an domhain páirteach ann, Technion ina measc.

Deir Ollscoil na Gaillimhe go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha ann nach mbeadh teoranta do thionscadal taighde aonair, má tharraingníonn siad amach as an chonradh agus go bhfuil comhairle dlí faighte ach gan a leithéid a dhéanamh.

Deir Ollscoil na Gaillimhe nach rachaidh isteach isteach in aon chonradh eile le hinstitiúidí in Israel.

Síníodh Conradh Asterisk i mí na Nollag 2024 agus beidh an conradh beo go 2027.

Deir an Global Legal Action Network, eagraíocht a thacaíonn le dushláin cúirte i gcásanna a mbíonn sarú chearta daonna i gceist, go bhfuil deiseanna ann faoin dlí conartha deireadh a chur leis an chomhpháirtíocht atá ag ollscoileanna le Technion agus institidiúidí eile.

Deir GLAN go bhféadfadh sé go mbeadh ollscoileanna nó comhlachtaí poiblí eile á dtabhairt chun na cúirte má leanann siad ar aghaidh lena gceangal le Technion nó institidiúidí oideachais san Israel agus go bhféadfadh sé go mbeadh sarú á dhéanamh acu ar an dlí idirnáisiúnta.

Tá Coláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath (UCD) agus Ollscoil Luimhnigh (UL) páirteach i dtograí taighde le Technion faoin chlár maonaithe céanna Horizon.

Tá ráite ag UCD and UL go bhfuiltear ag leanúint lena gconarthaí mar gheall ar an "saoirse acadúil". Tá ollscoileanna eile, lena n-áirítear Ollscoil na Tríonóide, páirteach i dtograí taighde le hinstitiúidí as Israel.