Tá an Bille um Chosaint Idirnáisiúnta sínithe ag an Uachtarán Catherine Connolly agus ní chuirfidh sí é faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí.
Sular chuir an tUachtarán a hainm leis an mbille cheadaigh sí é le Comhairle an Stáit.
Tháinig baill na Comhairle le chéile arú inné agus chaith siad trí huaire an chloig ag cíoradh na reachtaíochta lena bunreachtúlacht a phromhadh.
Tá an bille nasctha le Comhshocrú an Aontais Eorpaigh maidir le hImirce agus Tearmann a dtiocfaidh feidhm leis i gceann roinnt seachtainí.
De réir a bhfuil sa chomhshocrú sin, beidh sé níos éasca ag ballstáit teorainn a chur le líon na n-imirceach a ligtear isteach san Aontas Eorpach.
Ina theannta sin, féadfaidh ballstáit nach bhfuil ag iarraidh glacadh le hiarrthóirí tearmainn síntiús airgid a thabhairt do thíortha eile le go nglacfaidís féin leo.
Seo é an chéad uair ag Catherine Connolly Comhairle an Stáit a thabhairt le chéile ó insealbhaíodh í mar Uachtarán anuraidh.
Ceithre huaire a d'iarr an t-iarUachtarán Michael D Higgins comhairle ar na baill idir 2011 agus 2025.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


