Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Corp Liam Farrell athadhlactha i gCo Liatroma

23 AIBREÁN 2026, 11:07

Fuarthas corp Liam Farrell ar a fheirm i Rúscaigh i gCo Liatroma mí Eanáir 2020
X Facebook

Athadhlacadh i gCo Liatroma ar maidin inniu corp Liam Farrell, feirmeoir 87 bliain d'aois a cailleadh sé bliana agus ráithe ó shin, ach a raibh amhras riamh faoi chúinsí a bháis agus a dí-adhlacadh coicís ó shin faoi thuairim scrúdú nua fóiréinseach.

Tá an scrúdú sin críochnaithe ach níl aon eolas tugtha ag na Gardaí fós faoi na torthaí.

Fuarthas marbh Liam Farrell ar a fheirm i Rúscaigh i gCo Liatroma ar an 12 Eanáir 2020 agus tar éis scrúdú iarbháis a rinneadh ag an am fógraíodh gur taom croí ba thrúig bháis dó.

Tháinig sé chun solais ina dhiaidh sin, áfach, gur bogadh a chorp ón áit a gcreidtear a cailleadh é.

D'fhiosraigh na Gardaí an scéal, chuir siad comhad chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí ach cinneadh gan an dlí a chur ar aon duine.

Bhí amhras riamh ar theaghlach Liam Farrell faoi chúinsí a bháis agus cruinníodh coiste cróinéara i mí Mheán Fómhair 2024 leis an gcúis a fhiosrú.

An paiteolaí a rinne an scrúdú iarbháis in 2020, dúirt sé leis an gcoiste cróinéara go mbeadh iarrtha aige ar phaiteolaí fóiréinseach an scrúdú sin a dhéanamh dá mbeadh a fhios aige gur bogadh an corp.

Rinne an Paiteolaí Stáit an Dr Linda Mulligan athbhreithniú ar an gcéad scrúdú iarbháis agus dúirt sí leis an gcoiste cróinéara go raibh an dá fhéidearthacht ann maidir le gortuithe a bhain do lámha Liam Farrell.

Thug an Dr Mulligan le fios go mb'fhéidir gur á chosaint féin ar ionsaí a bhí sé nó go mb'fhéidir gur thit sé de phlimp go talamh nuair a bhuail an taom croí é.

Ar deireadh, is fíorasc oscailte a dhearbhaigh coiste cróinéara.

Tá sé tugtha le fios ag na Gardaí gur labhair siad arís le gairid le daoine i Rúscaigh ar labhair siad leo in 2020 mar chuid dá bhfiosrúchán faoi bhás Liam Farrell.

Ba é an tAire Dlí agus Cirt Jim O'Callaghan a d'ordaigh an dí-adhlacadh mar is ceadmhach de réir dlí.

Cuireadh Liam Farrell an athuair i Reilig Chluain Mhuirís i mBarr na Cúile ó dheas ó Rúscaigh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ