Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Dáil Éireann: easaontas faoi bheartais faoisimh

23 AIBREÁN 2026, 16:32

Piaras Ó Dochartaigh ó Shinn Féin
X Facebook

I nDáil Éireann, d'iarr Sinn Féin ar an Rialtas 'pacáiste costais mhaireachtála éigeandála' a thabhairt isteach tar éis don Choimisiún Eorpach beartais a sheoladh inné chun dul i ngleic leis an ardú suntasach ar phraghsanna fuinnimh.

Mhaígh urlabhraí airgeadais Shinn Féin Piaras Ó Dochartaigh nach raibh an Rialtas ag déanamh dada chun cuidiú le teaghlaigh agus go m'fhollas gur d'aon ghnó é sin, go háirithe i bhfianaise ar fógraíodh níos túisce an tseachtain seo faoi fharasbarr eacnamaíochta.

Níl leithscéal ar bith ag an Rialtas, arsa sé, arae tá an t-airgead ann.

Ní foláir, mar sin, nó is rogha pholaitiúil atá déanta ag an Rialtas, a dúirt sé mar Phiaras Ó Dochartaigh.

D'fhreagair an Tánaiste Simon Harris agus thug sé le fios nár bhain ar fhógair an Coimisiún Eorpach inné le hábhar mar go raibh ceann de na pacáistí tacaíochta ba mhó san Aontas Eorpach tugtha isteach ag an Rialtas cheana.

Dúirt sé freisin nach bhféadfadh an Rialtas buiséad nua a fhógairt gach uile sheachtain.

simon harris speaks in the dail
An Tánaiste Simon Harris

Ar a shon sin is uile, arsa an Tánaiste, níl tuilleadh beartas faoisimh curtha as an áireamh ag an Rialtas.

Urlabhraí airgeadais Pháirtí an Lucht Oibre Ged Nash, d'iarr seisean ar an Rialtas 'mionbhuiséad' a thabhairt isteach ar son oibrithe íoc-mar-a-thuillir na tíre.

Níl sé sách maith, arsa sé, na hoibrithe sin ag fanacht os cionn sé mhí leis an gcéad bhuiséad eile, go háirithe nuair nach raibh ach fanacht seachtaine ar lucht agóide breosla.

Ged Nash speaks in the Dail
Ged Nash ó Pháirtí an Lucht Oibre

Dúirt Simon Harris nárbh ionann an dá chás mar gur bhain ceist an bhreosla le géarchéim láithreach agus go mb'éigean idirghabháil láithreach a dhéanamh sa chás sin.

Mar leis an bpacáiste tacaíochta de €750 milliún a thug an Rialtas isteach, mhaígh sé go rachadh sé chun sochair do chách mar go gcoinneodh a raibh ann an boilsiciú faoi smacht.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ