Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear os comhair cúirte faoi agóid breosla i gCorcaigh

23 AIBREÁN 2026, 14:56

Ceadaíodh bannaí do Ivor Sweeney
X Facebook

Tugadh fear 51 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Mhainistir na Corann i gCo Chorcaí inniu agus é cúisithe i gcosc a chur ar leoraí dul chun bóthair ag scaglann ola an Gheata Bháin sa chontae sin níos túisce an mhí seo.

Sin é Ivor Sweeney, as Lóiste na Cúile Báine, Bóthar na Béillice, i Mainistir na Corann, a bhfuil sé curtha ina leith go ndeachaigh sé sa bhealach ar an leoraí, agus ar thrácht eile bóthair, nuair a chuaigh sé suas ar dhíon an leoraí ag agóid faoi chostas breosla a bhí ar siúl taobh amuigh den scaglann.

Ní dhearna Ivor Sweeney aon phléadáil sa chúirt innu.

Cheadaigh an Breitheamh Colm Roberts bannaí don chúisí agus d'ordaigh sé dó teacht os comhair na cúirte arís ar an 11 Meitheamh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ